23 Eanáir 2013

Mairg... leagan eile


Scríobh mé blagmhír faoin rann seo cúpla bliain ó shin. B'fhéidir gur mhaith leat súil a chaitheamh ar an  leagan sin ar dtús. Tá cuma chearnach righin ar na litreacha sa leagan sin, agus tá na focail réasúnta deacair a léamh dá bhrí sin. Sa chás seo thíos, ar an láimh eile, bhreac an scríobhaí (duine eile atá ann) an rann síos go sciobtha ina ghnáth-scríbhneoireacht reathach, mar nóta imill ag bun an leathanaigh (4r) sa lámhscríbhinn 23 P 26 (ARÉ / RIA).

Mairg cuinges ni ar a charuid

muna loinn leis a tabhairt

is e dede nos bia de

miscais ⁊ oibire

Tá an litriú agus cuid de na focail sa leagan seo éagsúil leis an leagan ar an leathanach eile, ach tá an chiall chéanna leis an iomlán sa dá chás. Níl ceachtar acu sothuige ar fad i nGaeilge an lae inniu, áfach. Seo athinsint ar na línte thuas mar mhíniú:

Mairg (don té a) chuingeas (= a iarrann; cf. athchuinge > achainí) ní ar a chara

muna (mura) lainn/loinn (= fonnmhar)  leis (é) a thabhairt

is é déidhe (= dhá rud) nos·bia (= a bheas) de

mioscais agus oirbhire (= focal feargach, mallacht).

4 comments:

  1. Cúpla nótaí: sílim nach léitear "loind" sa dara líne ach "loinn" (loin-). Agus tá cúpla fadaí ann: táim cinnte go bhfeicim iad ós cionn "léis", "míscáis" agus "oirbiré" cé gur an-laga iad.

    David

    ReplyDelete
  2. Nóta idirlín: ar chúis éigin is bosca diamhair seachas an et Tirónach a fheicim agat san líne deiridh.

    Dea chomhairle!

    ReplyDelete
  3. D'athraigh mé "loind" go "loinn", bíodh is go raibh -nn agus -nd inmhalartaithe ag an am úd den chuid is mó. Níor bhac mé leis na síntí fada ar chor ar bith toisc iad a bheith saghas randamach anseo.

    ReplyDelete
  4. Sin rud a bhféadfadh Enda a rá le hAngela: mairg cuing a ní ar chara...

    ReplyDelete