04 Lúnasa 2012

saor ar aineolas


Seo leathrann a dtaitníonn a shimplíocht liom. Tá sé le fáil ag deireadh an dáin ar Mag Luirg i Leabhar Bhaile an Mhóta. Is cuid den dinnseanchas é an dán seo, ach is leis an bhfile féin an guí seo.

manaim mo corp

is mo ceol

rob saer

ar olc ar aineol


M'anam, mo chorp, is mo cheol:
go raibh siad saor ar olc, ar aineol.

8 comments:

  1. Is maith liom é.

    Bheadh sé go deas mar bheannacht ar dhuine.

    ReplyDelete
  2. Bheadh: “do” a chur in áit “mo” agus voilà.

    ReplyDelete
  3. Sea... nó 'bhur' i gcomhair bainise, nó mar sin.

    ReplyDelete
  4. Gurb amhlaidh dhuit! Cad as ar tháinig sé seo?

    ReplyDelete
  5. As Leabhar Bhaile an Mhóta / The Book of Ballymote, atá le feiceáil ar ISOS.

    ReplyDelete