05 Samhain 2011

scrios ar mhaithe le fás nua

Seo taifeadadh drámatúil, cuid de i dtime lapse, den chéad ghníomh i leagan damba in oirthear Stát Washington a tógadh céad bliain ó shin. Cé go raibh an leictreachas a dhéantaí anseo tábhachtach, meastar go bhfuil na bradáin san abhainn seo, an White Salmon, níos tábhacthaí fós.
Tá muid ar tí dhá sheandamba eile a leagan sa stát seo, ar an Abhainn Elwha. Tá siad níos mó ná an ceann seo agus tá i bhfad níos mó uisce taobh thiar díobh, mar sin ní bheidh siad in ann tosú le pléasc spreagúl mar seo. Tá siad ag ísliú an uisce agus ag leagan na dambaí sin de réir a chéile ón mbarr anuas.

3 comments:

  1. ...ró-dhéanach b'fhéidir chun sláinte an bhradáin a ghuí ar an damba bocht?

    ReplyDelete
  2. Is beag nár shlánaigh an damba an céad. Críochnaíodh é sa bhliain 1913.

    Tá mé díreach tar éis botún a cheartú sa téacs thuas. Scríobh mé “abhainn” an chéad uair, ach “Amháin Elwha” go gairid ina dhiaidh sin. Níl a fhios agam beo cén fáth. Tá fuaimniú an-éagsúil acu, tar éis an tsaoil. B'fhéidir go bhfuil cónaí orthu béal dorais im intinn mar sin féin.

    ReplyDelete
  3. Bhabha x 2... maidir leis an bhfíseán pléascach sin, agus go bhfuil an oiread sin measa ar an mbradán bocht thall.

    Cheap mé ar dtús gur suíomh ó Lord of the Rings a bhí ann! Nár tharla rud mar sin in Isengard sa dara scannán!!

    ReplyDelete