17 Samhain 2011

Nach ionann póg agus síocháin?



Sanas Cormaic 1057:

Pōc quasi pāc, a pace, ar is airde sīda pax.

I bhfocail eile, tagann an focal Gaeilge “póg” ón Laidin “pax, pācis” mar is comhartha síochána póg.

7 comments:

  1. "Nach ionann póg agus síocháin?"

    mar a bhronn Iúdas ar Íosa? uaireanta bíonn ba le chur trasna!!


    Fearn

    ReplyDelete
  2. Tá mé gafa ag teideal an íomhá - 'unhate'- a mhalairt de 'unfriend' mar a tuigimid in Facebook?

    ReplyDelete
  3. Is é an chaoi nach bhfuil an Pápa ró-shásta leis an bpóg úd. Léigh mé ar maidin go raibh an Vatacáin ag bagairt an dlí ar Bhennetton. Níl ó Bhennetton ach €€€ a shaothrú, ar ndóigh, agus is cosúil go bhfuil na hataí dearga (.i. Bord na Stiúrthóirí) buartha faoi shárú trádmhairc. Ní haon ábhar gáire é sin i gcúrsaí gnó, tá's agat.

    ReplyDelete
  4. Pax, mo thóin.

    Tá jab déanta ag an bhfógra sin cheana féin ar ndóigh, aird na méain cumarsáide a tharraingt ar bhranda nach raibh i mbéal an phobail le tamall fada anuas. Sílim go bhfuil an lucht féachana fógraíochta ruainín beag róchliste don chineál 'cleas' margaíochta seo anois áfach. D'oibrigh fógraí gríosaitheacha mar seo ag Benetton siar sna 90aidí, ach sílim go bhfuil an stráitéis seo ábhairín tuirseach sa lá atá inniu ann.

    ReplyDelete
  5. Sa chás áirithe seo is amhlaidh go bhfuil imreas idir an dís sa phictiúr bréagach. Labhair an Pápa amach faoi mharú Coptaigh san Éigipt, agus ní raibh an fear eile ró shásta. Taidhleoireacht fós ar bun - ní chuidíonn pic mar seo sa chás sin. Thairis sin is fíor an méid a scríobh John.

    ReplyDelete
  6. Ar eagla go gceapfaí go bhfuil an tsaontacht ag gabháil dom, nó dúinn:: ní eagnaíocht de chineál éigin is cás leis an bhfógraíocht seo ach an mhargaíocht dhearg.

    Mar sin féin, ní féidir a shéanadh go bhfuil greann éigin ag baint leis an tsaith reatha.

    ReplyDelete
  7. Idir bean agus fear -- ní hionann póg agus síocháin go minic.

    ReplyDelete