22 Samhain 2011

Is mairg don té...


Seo rud éigin do lucht Old-Irish-L, nota imill ó leathanach 3v sa lámhscríbhinn Laud Misc. 610. Cuirfidh mé Nua-Ghaeilge ar an rann, ach ní láithreach. Chuir an scríobhaí i leith Choilm Cille é, rud a tharla go mion minic.

Is é peannaireacht an scríobhaí a tharraing mo shúil air seo ar dtús. Saghas bloclitir Ghaelach atá inti. Cliceáil ar na híomhánna len iad a mhéadú.


Mairg cuínghes ní for charud


minbá lónd leis a thaburt


as é dédha ro thá dhe


misgus 0cus oirbere. Colum Cille cecinit.

4 comments:

  1. Mairg a ghoideas ní ó charad
    Ceapaire lóin leis a thabhairt
    Agus é déanta ró-the dó:
    Mísc agus oirbheart. Colm Cille a dúirt.


    An ea sin é?


    Fearn

    ReplyDelete
  2. Is mairg don té a iarrann ní ar chara,
    mion is leasc leis a thabhairt,
    is é déidhe a bheadh de --
    mioscais agus oirbhire.

    Columcille a chan.

    Seo mo thuairim, ar aon nós.

    ReplyDelete
  3. An-mhaith, a Liz. Tá cúpla focal sa dara líne nach bhfuil éasca a thuiscint: minba lond leis. Séard is ciall leo, má thuigim i gceart iad, ná “murab áil leis”, .i. “mura bhfuil sé sásta”.

    Maidir le “déidhe”, tá an focal sin againn fós san fhoclóir, ach sílim go mbeadh “dhá rud” níos fearr inniu.

    Níl mé iomlán cinnte conas ba cheart dúinn “ro thá” nó “ro·thá” a aistriú, mar “a bheadh” nó mar “a bhíonn”. Is dócha go bhfuil an ceart agat, ach caithfidh é sin a iniúchadh.

    ReplyDelete
  4. Maidir le “déidhe”, tá an focal sin againn fós san fhoclóir, ach sílim go mbeadh “dhá rud” níos fearr inniu.

    Bheadh. Níor chuala go dtí anois é.
    Rann stuama.

    ReplyDelete