04 Samhain 2011

An Hobad?



Dúradh linn i bpreas-ráiteas sa bhliain 2008 go raibh “leagan Gaeilge faoin teideal An Hobad, nó Go Ceann Scríbe agus Ar Ais Arís á ullmhú i láthair na huaire. Is é Nicholas Williams an t-aistritheoir, an duine a chuir Gaeilge le gairid ar Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas agus ar Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi le Lewis Carroll, dhá aistriúchán a fuair ardmholadh ó phobal na Gaeilge.”

Níor léigh mé an scéal seo i mBéarla riamh. Ba mhaith liom é a léamh roimh theacht amach an scannáin, atá á dhéanamh faoi láthair. Beidh an scannán ar fad i d3D, mar a mhínítear sa chlip seo.



Is cosúil go mbeidh sé go hiontach! Anois, is beag an saol é saol na Gaeilge. Caithfidh go bhfuil a fhios ag duine nó dhó agaibh cén fáth nach bhfuil an leagan Gaeilge den scéal ar fáil fós. Mura bhfuil a fhios agaibh féin, caithfidh sé go bhfuil cara, nó cara le cara, nó col ceathar a bhfuil cara leis atá posta le bean a bhfuil a fhios aici! Nach bhfuil?

7 comments:

  1. Mise chomh fiosrach ach aineolach céanna leatsa.

    Samhradh 2011 luaite anseo:

    http://www.evertype.com/books/hobad.html

    ReplyDelete
  2. tá an leabhar léite agam gach bliain beagnach ó bhí mé imo dhéagóir. Déarfainn go n-éireodh thar cinn leis i nGaeilge, agus go mbeadhluí nádúrtha aige leis an Ghaeilge. Baineann Tolkien úsáid as móitífeanna Eorpacha a bhfuil muid eolach orthu cheana agus atá coitianta sa domhan Ghaelach chomh maith. Agus ag súil go mór leis an scánnán!

    ReplyDelete
  3. Léigh mé an Hobad i mBéarla nuair a bhí mé i mo dhéagóir, agus bhain an-sult as. Ba mhaith liom é a léamh arís.
    Maidir le 3D, má tá súil dhall agat, ní féidir leat é a fheiceáil ní é a thuiscint. Bheadh gach rud doléir agat agus thú ag caitheamh na spéaclaí sin.
    Ach chonaic mé taispeáint 'Holographic' lá amháin ag Aonach Domhanda i Vancouver na blianta ó shin agus thuigim cad is 3D ann.

    ReplyDelete
  4. Samhradh 2011 luaite

    Táimid beo i ndóchas.

    ReplyDelete
  5. Mar an gcéanna agamsa é, níl an Hobad léite agam i mBéarla agus léifidh mé é a luaithe a bheidh an t-aistriúchán ar fáil. Is spreagadh de bhreis é más féidir an leabhar a léamh as Gaelainn.

    ReplyDelete
  6. Tá mé díreach tar éis scéal a chloisteáil ó chara liom a bhfuil aithne aige ar dhuine eile a bhfuil aithne aige an aistritheoir. Is cosúil (nó “is féidir”, ó nach bhfuil sa mhéid seo ach scéal scéil) gur chaill Nicholas Williams suim sa leabhar, toisc nach dóigh leis gur scríbhneoir maith é Tolkien. Cuireann Everson an spriocdháta ar athló ó bhliain go bliain dá bhrí sin.

    ReplyDelete
  7. Is trua sin.

    B'fhiú duit an leagan Béarla a léamh, sílim. Is maith liom an méid a cuireadh i gcló le linn beatha Tolkien - ach tá amhras orm faoi mórchuid da gcuireadh i gcló ó shin. Leabhar sách éadrom is ea an Hobad, áfach.

    ReplyDelete