24 Samhain 2011

Cén fáth ar thrasnaigh an bradán an bóthar?


Bhí sé thar a bheith fliuch i Stát Washington le cúpla lá anuas. Seo agaibh an cruthú:



Le fírinne, tarlaíonn a leithéid seo sách minic sna bólaí seo nuair a bhíonn díle bháistí ann. Is cosúil gur dual do na bradáin snámh in aghaidh easa, cibé áit agus cibé fáth a bhfuil an t-eas ann!

9 comments:

  1. Ní fhaca mé a leithéid riamh!

    Agus níor chuala mé riamh faoi bhradán a ndeachaigh carr ina mhullach!

    Faoi mar a fheicim, níl aon téarma ag lucht focal.ie do "mharú ainmhí ar an mbóthar" ("mortalité animale sur les routes" san Fhraincís). "Wildunfall" is ea an téarma sa Ghearmáinis, agus feicim go bhfuil an téarma sa tSualainnis ar an múnla céanna: viltolycka.

    Cad faoi "taisme ghéim"? Bheadh sé go deas gonta, ar aon nós.

    Dála an scéil, níl sé ceadaithe sa Ghearmáin an ghéim sin a bhreith leat. De réir an dlí is ionann sin agus í a phóitseáil.

    ReplyDelete
  2. Ná mise. Ach níl bradáin sa bhrádán chomh fairsing abhus pé scéal é.

    ReplyDelete
  3. taisme ghéim

    Ní géim a bhíonn i gceist abhus anseo go minic. Táid ann a itheann ioraí agus racúin, ceart go leor, ach ní itheann éinne scúnna ná torcáin!

    ReplyDelete
  4. "Conablach bóthair?"

    Bheadh an téarma gan idirdhealú idir na hainmhithe "luachmhara" - mar atá an ghéim - agus ainmhithe eile (cat, madra, gráinneog).

    ReplyDelete
  5. Gabh mo leithscéal: scúncanna, ar ndóigh, ní scúnna.

    Smaoinigh mé ar “slad bóthair” mar théarma, ach is féidir go bhfuil sé ró-dhrámatúil.

    ReplyDelete
  6. "Smaoinigh mé ar “slad bóthair” mar théarma, ach is féidir go bhfuil sé ró-dhrámatúil."

    Is maith liom "slad bóthair", áfach.

    Oireann sé do dhrámatúlacht na ré!

    ReplyDelete
  7. chuala mé fá cheathanna froganna ach bhain sé seo lán na súl asam!

    ReplyDelete
  8. Tá na bradáin teacht ar ais anseo, tá bradáin ar fáil anois i dtrí abhainn i bpríomhchathair na hÉireann agus is eisceacht é sin ná áit ar bith eile san Eoraip, dar le RTÉ ar aon nós mí nó mar sin ó shin

    ReplyDelete