06 Samhain 2011

braonta báistí


Seo croí.



Seo braonta báistí.
Tá síad chomh so-aitheanta céanna leis an gcroí
os cionn an scamaill
os a gcionn.

An bhfuil na braonta báistí seo cruinn? Níl.
Níl siad cruinn = ar dhéanamh liathróide.
Agus níl siad cruinn = accurate ach oiread.

Tá na braonta sa phictiúr seo níos cruinne:


Seo thíos fírinne iomlán na mbraonta báistí:


Ní raibh a fhios agam go dtí le déanaí gur mar seo a bhíonn siad!

6 comments:

  1. Ana dheas. Foinse? (Níl an croí cruinn ach oiread, ach ní bhíonn siombail cruinn sa chiall go dtugann siad gach gné de rud leo. Tá cumhacht san simpliú)

    ReplyDelete
  2. Scríobh Cliff Mass, meitéareolaí ag Ollscoil Washington, ar an ábhar seo le déanaí ar an mblag. Fuair mé an ceathrú íomhá ó Wiki.

    ReplyDelete
  3. Cuireann siombail an bhraoin siúd braon ar sileadh i gcuimhne. Bá é an cineál braoin ab fhearr arbh fhéidir breathnú air, is dóigh liom, nuair a cumadh siombail an bhraoin.

    ReplyDelete
  4. @ Ormondo - Tá mé cinnte go bhfuil an ceart agat.

    ReplyDelete
  5. An bhfeiceann éinne eile tóin sa cheann 'D'?

    ReplyDelete
  6. Más tóin atá uait, cuir an croí thuas bunoscionn.

    ReplyDelete