02 Bealtaine 2011

Faiche?



Seo radharc ar an gclós tosaigh. Lá iontach deas a bhí ann inné, Lá Buí Bealtaine a bhí geal is grianmhar - faoi dheireadh. Ní raibh ann ach peata, faraor. Tá sé ag cur báistí arís inniu.

Tá an caonach atá againn in áit faiche (nó mar fhaiche) sásta leis an aimsir fhliuch seo, ar ndóigh. Agus tá muid sásta leis an gcaonach. Ní gá é a lomadh! Níl ag teastáil uaidh ach scuabadh maith ó am go ham.

Nuair a bhíonn triomach ann (i Mí Lúnasa, má tá an t-ádh linn) éiríonn an caonach briosc, ach ní fhaigheann sé bás ar chor ar bith. Scaird beagán uisce air agus, voilà, tá sé chomh huaine agus a bhí sé riamh i gceann cúpla nóiméad. Draíochtúil.

8 comments:

  1. Agus is dócha nach mbíonn fiabhras léana ar aoinne dá bharr. Tá mórchuid caonaigh ar ár bhfaiche tosaigh féin, ach ní leor é. (Agus níl mo bhean sásta leis ach oiread!)

    ReplyDelete
  2. Dennis, i gcás caonach, de ghnáth is gá trí rud; taise, scáth ó lánlá ghréine agus aigéad. Anseo, in Connecticut, tá an ithir, cibé blúiríní de a d’fhág an t-oighearshruth, aigéadach. An pH thart ar 5.5-6. Aolchloch á scaipeadh ar an bhfaiche gach bliain. Amárach lá an scaipthe againne.

    ReplyDelete
  3. "Glacial till" is mó atá againn anseo mar úir, ach is ar sheandeic coincréite atá an caonach seo ag fás. Níl a fhios agam cad as don aigéad.

    ReplyDelete
  4. @ 'Scaird beagán uisce air agus, voilà, tá sé chomh huaine agus a bhí sé riamh i gceann cúpla nóiméad. Draíochtúil.'

    Nach mbeadh sé iontach dá mbeadh sé chomh heasca craiceann rocach a athbheochan!

    ReplyDelete
  5. An-zen ar fad a Dennis. Tá do chaonach beagnach chomh huaine is atá linn gharraí mo mháthar an t-am seo den bhliain.

    ReplyDelete
  6. @ Áine - Hydrate, hydrate, hydrate?

    @ John - Tá linn bheag ag ceann thall an chlóis. An bhfeiceann tú ceann an leoin ansin? Tagann scairdín beag uisce as a bhéal. Ní éiríonn an t-uisce sa linn uaine, ach tá orm na duilleoga marbha a thiteann ann a bhaint as go minic. Bíonn cúpla iasc órga ann i gcónaí leis na muiscítí a ithe sa samhradh, cé go n-itheann na racúin iad ó am go ham freisin. Itheann na racúin na héisc atá mé a rá.

    Céard atá i linn do mháthar seachas alga?

    ReplyDelete
  7. @ 'Céard atá i linn do mháthar?'

    Faoi láthair, go leor torbáin ramhara. Ní raibh éisc againn riamh.

    Do bhí an linn glan sular bhriseadh an scairdeán uisce a bhí ann. Deiseoidh sí am éigin é, ach idir an dá linn is léir go bhfuil na torbáin sona sásta ina dtearmann tiubh. Ar a laghad, níl racúin ann le cur isteach orthu!

    ReplyDelete
  8. Is deas an focal é sin, torbán. Agus is maith liom froganna is buafa. Níl a ndóthain acu ann. Tearmann na dTorbán abú!
    :-)

    ReplyDelete