23 Bealtaine 2011

Gaeilge sa Róimh seachtain ó shin



Is de thaisme a fuair mé an geata seo sa Róimh.

6 comments:

  1. Tá níos mó istigh. Nó b'fhéidir i gColáiste eile, ceann de chuid na Proinsiasaigh.

    ReplyDelete
  2. Ahhhh, so is san Iodáil atá tú. Cheapas go raibh tú ag an Eurovision. Bain sult as. Tá an an Chorsaic ar mo liosta "áiteanna le feiscint sula mbásaím".

    ReplyDelete
  3. Bhíos san Iodáil, a John. Sa Fhrainc atá mé anois, mar is oileán Francach í an Chorsaic le cúpla céad anuas. Rugadh Napoléon anseo. Tá Fraincis ag chuile dhuine anois, ach tá "le corse", an teanga áitiúil, ag cuid acu fós. Saghas Iodáilise atá sa Chorsaicis. Mar shampla:

    A lingua ùn hà osse, ma face rompe l'osse. (Níl cnámha ag an teanga, ach briseann sí cnámha.) Is minic a bhris béal duine a shrón.

    ReplyDelete
  4. Tírdhreach na Corsaice + teanga na Fraincíse + bia na hIodáile = saoire den scoth. Agus is dócha go bhfuil teach tábhairne Éireannach nó dhó ar an oileán chomh maith. Bain sult as.

    ReplyDelete
  5. Is dócha go bhfuil, John, ach ní fhaca mé ceann díobh ansin. Tá rud eile ann nach féidir liom a chur i ngrianghraf: le parfum du maquis. Tá boladh iontach ar an aer chuile áit a thagann ó na luibheanna éagsúla a fhásann ar na cnoic agus ar na sléibhte.

    Ach is i bPáras atá mé anois: lá álainn agus na siopaí leabhar ag fanacht liom!

    ReplyDelete