13 Eanáir 2011

theriocephalic


Tá ceann eilifinte ar Ganesha. Tá ceann seacáil ar Anubis. Tá ceann seabhaic ar Horus. Tá siad theriocephalic dá bhrí sin. Níl a fhios agam cén Ghaeilge atá ar an bhfocal seo. Teiriaceifileach? Pé scéal é, tá cinn ainmhithe orthu.


Agus seo Críostóir Naofa, an naomh concheannach. Bhabh! (Nó badh-bhabh?) Ní raibh a fhios agam go dtí arú inné go raibh a leithéid ann i measc na gCríostaithe freisin. Is cosúil nach raibh íomhá de Chríostóir ina sheanduine ag trasnú abhainn le naíonán ar a ghualainn in Eaglais Cheartchreidmheach an Oirthir ar chor ar bith. In áit naíonán ar a ghuallí, is concheann a bhí orthu!

Caithfidh mé a rá, áfach, go bhfuil sé níos cosúla le capall ná le cú sna híocóin seo thíos. Críostóir Eachbhéal? (Bhí Echbél mac Dedad againn in Scéal Muice Mhac Dathó. Ní fíor, áfach, go bhfuair an grúpa Horslips a n-ainm ón laoch sin.)



8 comments:

  1. Tá cuid den scéal anseo:
    http://en.wikipedia.org/wiki/Cynocephaly#Saint_Christopher

    Ní raibh sé cloiste agamsa ach oiread. Spéisiúil.

    ReplyDelete
  2. Tá "Concheanainn" mar sloinne abhus: meas tú an bhfuil gaol aige sin leis na Con chinn?

    ReplyDelete
  3. @ Concheanainn

    Rith an smaoineamh sin liomsa, freisin, a Aonghuis.

    @ 'Bhabh! (Nó badh-bhabh?)' ASG!

    Mír shuimiúil, mar is iondúil, a Dennis. Táim ag foghlaim liom...

    ReplyDelete
  4. Feictear dom gur droch-tréithe amháin a bhíodh á gcur in iúl ag na Críostaithe le ceann beithígh allta; ní mar a chéile leis na dreamanna eile.

    ReplyDelete
  5. Na leath-ainmhithe Críostaí is cáiliúla na na ceathrar soiscéalaí a luaitear san Apacailipsis caibidil 4:
    6Agus os comhair na ríchathaoireach tá mar a bheadh farraige gloine, cosúil
    le criostal. Agus i lár baill ag an ríchathaoir, agus mórthimpeall na ríchathaoireach, tá ceithre dhúil bheo atá lán de shúile chun tosaigh agus laistiar. 7Is cosúil an chéad dúil bheo le leon agus an dara dúil le damh; tá aghaidh mar aghaidh duine ar an tríú dúil, agus tá an ceathrú dúil cosúil le hiolar ar eitilt. 8Agus bíonn sé sciatháin ar gach ceann de na ceithre dúile beo, agus iad lán de shúile mórthimpeall agus laistigh; ní théann aon stad orthu de lá ná d’oíche ach ag rá:
    9 “Is naofa, naofa, naofa,
    an Tiarna Dia Uilechumhachtach;
    an té a bhí ann, atá, agus atá le teacht.”

    ReplyDelete
  6. Rud éigin spéisiúil cosúil leis seo is ea an “Haggadah Éancheannach” a scríobhadh timpeall 1300 CE. Ní naoimh ná déithe atá ann, ach daoine a bhfuil cinn éan orthu. Is cosúil go ndearnadh amhlaidh le hómós a thabhairt don dara haithne.

    ReplyDelete
  7. Ailt shuimiúla, a fheara.

    @ 'When something is fenced in, someone is fenced out.'

    - ón alt sin a mhol Aonghus.

    Meas tú an bhfuil na daoine, nach leanann teagasc na leabhar, meas tú an bhfuil a leithéidí ag 'sitting on the fence'...

    ReplyDelete