12 Eanáir 2011

Denis O'Brien agus an Margadh Iarainn



Tá an milliúnaí Éireannach Denis O’Brien tar éis $12 milliún dá chuid airgid féin a thabhairt uaidh leis an Marché en Fer, seoid chultúrach i lár Port-au-Prince, a atógáil. Tá an margadh poiblí réidh anois agus tá na trádálaithe beaga ag teacht ar ais, ag clárú le haghaidh stainníní ann. Tógadh an Margadh Iarainn sa naoú haois déag agus ba íocón náisúnta riamh é. Tá íomhá de ar an nóta bainc 1000 Gourdes:



Tá sciar tábhachtach de mhargadh na bhfón póca i Háítí ag Digicel, comhlacht an Uasail O’Brien. Tá suim ar leith aige sa tír sin dá bhrí sin. Ba mhaith leis dul chun cinn a chothú i Háítí, ar son na ndaoine agus ar a shon féin. “As a company, we're more aligned to the masses than to the elites,” a dúirt sé, ag míniú a bhaint féin leis an Margadh Iarainn.


Pictiúr den Mhargadh Iarainn tar éis an chreatha talún

Tá mé cinnte gur rud maith í atógáil an mhargaidh phoiblí seo, agus is dóigh liom go bhfuil bualadh bos tuilte ag Denis O’Brien. Is mór an trua é, áfach, nach raibh Háítí in inmhe an tógra seo a chur i gcrích as a stuaim féin. Is basket case í Háítí chomh fada siar agus atá cuimhne agamsa uirthi. “The Republic of NGOs” a thugtar uirthi i measc na 3,000 acu atá ag obair inti. Tá 12,000 coimeádaí síochána de chuid na Náisiún Aontaithe i Háítí anois, a dhéanann an méid póilíneachta atá le fáil ansin.

6 comments:

  1. scéal iontach!

    ReplyDelete
  2. Ar a shon féin amháin a dhéanann Dennis O'Brien rud ar bith.

    ReplyDelete
  3. Agus tar éis an tsaoil is as pócaí lucht Háítí atá an t-airgead ag teacht!

    Ach is maith an rud é an atógáil, pé scéal é.

    ReplyDelete
  4. Ní raibh a fhios agam an clú atá ar mo dhuine sa bhaile! Ní dóigh libh mar sin go bhfuil rian ar bith de “doing well by doing good” ann? Thug mé faoi deara go bhfuil alt ar an atógáil ar an nGuardian nach ndéanann tagairt dá laghad don Bhrianach.

    ReplyDelete
  5. Scéal spéisiúil.

    Níl mórán measa ar O'Brien ina thír dúchais. Sílim féin gur bullaí é, ó thaobh an ghnó de ar aon bhealach. Michael O'Leary eile. Ach sin ráite, bhí an begrudgery láidir riamh in Éirinn. Agus tá moladh tuillte aige don togra seo.

    ReplyDelete
  6. Tá an Laoghaireach sásta cáin a íoc abhus, ar a laghad!

    ReplyDelete