31 Eanáir 2011

Níor ghráigh sí an saol seo.


lch. 39 in LS A 2 sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Ní car Brigit buadach bith.
Síasair suide eoin i n-ailt.
Contuil cotlud cimmeda
ind nóeb ar écnairc a mmaicc.

Seo é an chéad rann de “Iomann Bhrócáin”, curtha in eagar le Stokes agus Strachan in Thesaurus Palaeohibernicus. Agus seo leagan de i nGaeilge an lae inniu a chloíonn chomh dlúth agus is féidir leis an mbunleagan:

Níor ghráigh Bríd Bhuach an bith.
Shuigh sí suí an éin ar aill.
Chodail sí codladh an chime,
an naomh, ar son a mic.

Is ionann “a mac” anseo agus Íosa. Mhaígh na Sean-Ghaeil gur buime Íosa a bhí i mBríd.

Is fíormhaith liom na meafair seo, den éan atá suite go faicilleach ar imeall na carraige, agus den chime nach bhfuil cinnte dá bhfuil ag fanacht leis ó lá go lá.

Tá rud eile sa rann seo don té a bhfuil suim aici i stair na teanga: an rud a dtugann na scoláire an figura etymologica air. Séard atá ann ná úsáid an ainm bhriathartha (suí, codladh) leis an mbriathar féin (suigh, codail). Ní dhéantar é seo go minic inniu, ach bhí an múnla gramadaí seo sách coitianta sa tSean-Ghaeilge.

9 comments:

  1. @ '...an figura etymologica air. Séard atá ann ná úsáid an ainm bhriathartha (suí, codladh) leis an mbriathar féin (suigh, codail).'

    Go deas. Is maith liom é sin, a Dennis...:-)

    ReplyDelete
  2. Ana dheas. Dála an scéil, tá "car" fós sa folcóir, agus úsáideann leithéidí Pádraig Ó Cíobháin é.

    ReplyDelete
  3. Walk the walk and talk the talk and sleep the sleep of the just - cineáil figura etymologica i mBéarla?

    ReplyDelete
  4. @ Caoimhín - Go díreach glan!

    @ Aonghus - Tá “car” agus “gráigh” ann fós, ceart go leor, ach Is suimiúil an rud é gur thréig lucht na Gaeilge iad - den chuid is mó - i bhfad ó sin. “Ní cás linn gnás na dteangacha Eorpacha eile. Tá ár slí féin le leanúint againn!”

    ReplyDelete
  5. Tá an fréamh "car" fós san fhocal cara/caraid, nach bhfuil?

    An bhfuil cruinneas sa tiontú seo?
    Níorbh cara Bríd Bhuach don saol.


    Agus sa ceathrú line:
    An bhfuil "ind nóeb" sa ghinideach, nó ceangailte le "cimmeda", a fágfadh sa ghinideach é?

    An ionann "écnairc" agus éagnairc/(bás?)?


    Fearn

    ReplyDelete
  6. Níorbh cara Bríd Bhuach don saol.

    Briathar is ea "ni·cara", áfach:

    caraid = gránn sé/sí
    ní·cara = ní ghránn sé/sí
    carais = ghráigh sé/sí
    ní·car = níor ghráigh sé/sí

    An bhfuil "ind nóeb" sa ghinideach

    Níl. Tá an t-alt agus an an t-ainmfhocal san ainmneach uatha baininscneach.

    An ionann "écnairc" agus éagnairc/(bás?)?

    "Éagnairc" nó "easpa" an chiall atá le "écnairc" leis féin, ach is ionann "ar écnairc + gin." agus "ar son + gin."

    ReplyDelete
  7. Cuireann an tSean-Ghaeilge go leor gaistí roimh an té nach bhfuil ach Nua-Ghaeilge aige!

    ReplyDelete
  8. Cuireann, muis.

    Go raibh maith agat!


    Fearn

    ReplyDelete
  9. Go hálainn ar fad, a Dennis. Is aoibhinn liom aoibhneas an figura etymologica.

    Is ionann 'caru' agus an briathar 'gráigh' sa Bhreatnais - tá nasc ann lenár sean-'car' féin gan dabht.

    ReplyDelete