01 Eanáir 2011

féileacáin



An bhfeiceann tú iad?
Féileacáin.
Ar an bpáipéar leithris.
Bím ag glanadh mo thóna
le féileaceáin!

dán uimhir a haon le haghaidh na bliana 2011

6 comments:

  1. go raibh maith agat don íomhá gránna!

    ReplyDelete
  2. Sin é dualgas an fhile: íomhánna neamhchosúla a chur ar do shúile, agus ceisteanna a mhúscailt dá réir.
    ;-)

    ReplyDelete
  3. Fad is atá an páipéar bog séimh, is cuma cad atá greanta air.

    Tá aghaidh Shantaí ar an bpáipéar anseo in #37 "Chetwynde Downs" faoi láthair. Anois sin íomhá gránna dhaoibh.

    ReplyDelete
  4. Bhí aghaidh an iar-uachtaráin ar pháipéar leithris agam cúpla bliain ó shin, ach shíl duine nó dhó anseo gur lèse majesté a bhí ann.

    ReplyDelete
  5. @ 'Bím ag glanadh mo thóna le féileaceáin!'

    Féiletóin atá ann...:-)

    ReplyDelete