lch. 39 in LS A 2 sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ní car Brigit buadach bith.
Síasair suide eoin i n-ailt.
Contuil cotlud cimmeda
ind nóeb ar écnairc a mmaicc.
Seo é an chéad rann de “Iomann Bhrócáin”, curtha in eagar le Stokes agus Strachan in Thesaurus Palaeohibernicus. Agus seo leagan de i nGaeilge an lae inniu a chloíonn chomh dlúth agus is féidir leis an mbunleagan:
Níor ghráigh Bríd Bhuach an bith.
Shuigh sí suí an éin ar aill.
Chodail sí codladh an chime,
an naomh, ar son a mic.
Is ionann “a mac” anseo agus Íosa. Mhaígh na Sean-Ghaeil gur buime Íosa a bhí i mBríd.
Is fíormhaith liom na meafair seo, den éan atá suite go faicilleach ar imeall na carraige, agus den chime nach bhfuil cinnte dá bhfuil ag fanacht leis ó lá go lá.
Tá rud eile sa rann seo don té a bhfuil suim aici i stair na teanga: an rud a dtugann na scoláire an figura etymologica air. Séard atá ann ná úsáid an ainm bhriathartha (suí, codladh) leis an mbriathar féin (suigh, codail). Ní dhéantar é seo go minic inniu, ach bhí an múnla gramadaí seo sách coitianta sa tSean-Ghaeilge.