01 Lúnasa 2010

Líon an bhearna.





Ní comhfhada fhasas gach ___.
Ní hionann bhíos gach aonmhac.

Chomh fada sin, gan bhréag gan áibhéil?!?

10 comments:

  1. Sacsafón?
    Ladar?
    Abairt?
    Taifead?
    ?

    ReplyDelete
  2. Focal aonsiollach atá ag teastáil sa leathrann seo, focal a dhéanann comhardadh slán le “aonmhac”.

    ReplyDelete
  3. Úps. Feicim go bhfuil tú ró-chliste domsa!

    S
    L
    A
    T

    ReplyDelete
  4. An tSlat nuair a chruann le h-aois is deacair a shníomh ina ghad...

    an é Gaés is ainm do mo dhuine?

    ReplyDelete
  5. Gáes, “gaois” i nGaeilge an lae inniu.

    Ní comhfhada fhásas gach slat.
    Ní hionann gach aonmhac.
    Ní hionann agh cliú don chloinn
    Ní lán gach cnú don chrobhuing.

    ón gcnuasach Bídh Crínna in Ériu v, 142

    ReplyDelete
  6. Ní thuigim an tríú líne sin.

    Bó is ea agh de réir an Dálach.

    Ní hionann saibhreas agus clú, an ea?

    ReplyDelete
  7. Is cosúil gur cheart dúinn an líne sin a léamh mar seo:

    Ní hionann ádh (agus) clú don chlann (.i. do na daoine éagsúla).

    Féach an iontráil seo freisin.

    ReplyDelete
  8. Slat?

    Shíl mé gur féinspéis fhireannach a bhí ann, cibé a chuir na seanGhaeil air sin ;-)


    Fearn

    ReplyDelete
  9. Níl FGB in aice láimhe agam ach ligim le m'ais gur bod atá i dtreis agat!

    Fearn

    ReplyDelete