... a dhéantar faoi bhrú ag teocht ard (± 160 C) sa mheaisín seo thíos. Is próiseas úrnua é a úsáidtear cheana féin i gcúpla áit sna Stáit Aontaithe in ionad créamadh nó adhlacadh sa talamh. An t-ainm atá air ná resomation. Níl aon Ghaeilge air fós, go bhfios dom.
Deirtear go bhfuil an modh seo diúscartha níos glaise ná créamadh, is é sin, go bhfuil a lorg carbóin i bhfad níos lú: 90 kWh i gcomórtas le 250 kWh le haghaidh corp amháin. Má tá aon líonadh mearcair sna fiacla, ní ghalaitear é ná aon mhiotal eile. Tá na píosaí fós san inneall ag deireadh an phróisis.
Cuirtear an corp sa Resomator™ agus uair an chloig níos déanaí níl le fáil ann ach píosaí boga de fhosfáit chailciam -- an méid atá fágtha de na cnámha -- agus beagán leacht neamhthocsaineach.
Iontach!
Cad é lorg carbóin an gnáth-adhlacadh Éireannach, meas tú?
ReplyDeleteAgus an bhfuil lorg carbóin ar duine a chuir sa chré?
ReplyDeleteBhí scéal a chonaic áit éigin faoi fuílleach daoine a déanadh resomation orthu a bheith curtha isteach san córas séarachais.
Ach is dócha, i dtír plódaithe, go mbeadh a leithéid de nós ciallmhar. Go háirithe agus líon níos lú daoine a bhfuil uaigh de dhíth orthu mar fhaoiseamh ar an gcumha.
Ach cad a dhéanfaidh na seandálaithe amach anseo?
Tá adhlacadh éiceolaíoch againn in Éirinn anois.
ReplyDeleteB'fhearr liom a cheapadh go mbeadh crann ag fás ar mo chorp seachas an rud uafásach seo!
Is dóigh gur cruthaíodh an meaisín seo ionas nach féidir le créamadh na cnámha a dó i gceart agus caithfear fuílleach an choirp dul trí bhrúiteoir agus sceanadóir.
Ach cad a dhéanfaidh na seandálaithe amach anseo?
ReplyDeleteRith an smaoineamh sin liomsa freisin!
ionas nach féidir le créamadh na cnámha a dó i gceart
“Toisc nach féidir...” ? Ní dóigh liom gurb é sin an chloch is mó ar a bpaidrín. Déantar é sin go tapa agus go héasca.
@ Tá adhlacadh éiceolaíoch againn in Éirinn anois.
ReplyDeleteInniu a chuala mé faoin adhlacadh éiceolaíoch sin, a Dhubhaltaigh, ó bhean a bhí ar cuairt orm anseo i, ahem, gCeann Scríbe.
Agus anois tá Dennis ag insint dom faoin Resomator!
Hmmm...
Breith le déanamh faoin mbás, shílfeá...
Hmmm...
Ó leachtaitheoir go leacht...
Déarfainn go mbeadh suim ag an Maifia i dtrealamh oibre den chineál sin. ;-)
ReplyDeleteÓna cloigne céanna a thug feirmeoireacht thionsclaíoch dúinn!
ReplyDeleteEROEI