12 Lúnasa 2010

Hidrealú alcaileach ...


... a dhéantar faoi bhrú ag teocht ard (± 160 C) sa mheaisín seo thíos. Is próiseas úrnua é a úsáidtear cheana féin i gcúpla áit sna Stáit Aontaithe in ionad créamadh nó adhlacadh sa talamh. An t-ainm atá air ná resomation. Níl aon Ghaeilge air fós, go bhfios dom.

Deirtear go bhfuil an modh seo diúscartha níos glaise ná créamadh, is é sin, go bhfuil a lorg carbóin i bhfad níos lú: 90 kWh i gcomórtas le 250 kWh le haghaidh corp amháin. Má tá aon líonadh mearcair sna fiacla, ní ghalaitear é ná aon mhiotal eile. Tá na píosaí fós san inneall ag deireadh an phróisis.


Cuirtear an corp sa Resomator™ agus uair an chloig níos déanaí níl le fáil ann ach píosaí boga de fhosfáit chailciam -- an méid atá fágtha de na cnámha -- agus beagán leacht neamhthocsaineach.


Iontach!

7 comments:

  1. Cad é lorg carbóin an gnáth-adhlacadh Éireannach, meas tú?

    ReplyDelete
  2. Agus an bhfuil lorg carbóin ar duine a chuir sa chré?

    Bhí scéal a chonaic áit éigin faoi fuílleach daoine a déanadh resomation orthu a bheith curtha isteach san córas séarachais.

    Ach is dócha, i dtír plódaithe, go mbeadh a leithéid de nós ciallmhar. Go háirithe agus líon níos lú daoine a bhfuil uaigh de dhíth orthu mar fhaoiseamh ar an gcumha.

    Ach cad a dhéanfaidh na seandálaithe amach anseo?

    ReplyDelete
  3. adhlacadh éiceolaíoch againn in Éirinn anois.
    B'fhearr liom a cheapadh go mbeadh crann ag fás ar mo chorp seachas an rud uafásach seo!

    Is dóigh gur cruthaíodh an meaisín seo ionas nach féidir le créamadh na cnámha a dó i gceart agus caithfear fuílleach an choirp dul trí bhrúiteoir agus sceanadóir.

    ReplyDelete
  4. Ach cad a dhéanfaidh na seandálaithe amach anseo?

    Rith an smaoineamh sin liomsa freisin!

    ionas nach féidir le créamadh na cnámha a dó i gceart

    “Toisc nach féidir...” ? Ní dóigh liom gurb é sin an chloch is mó ar a bpaidrín. Déantar é sin go tapa agus go héasca.

    ReplyDelete
  5. @ Tá adhlacadh éiceolaíoch againn in Éirinn anois.

    Inniu a chuala mé faoin adhlacadh éiceolaíoch sin, a Dhubhaltaigh, ó bhean a bhí ar cuairt orm anseo i, ahem, gCeann Scríbe.

    Agus anois tá Dennis ag insint dom faoin Resomator!

    Hmmm...

    Breith le déanamh faoin mbás, shílfeá...

    Hmmm...

    Ó leachtaitheoir go leacht...

    ReplyDelete
  6. Déarfainn go mbeadh suim ag an Maifia i dtrealamh oibre den chineál sin. ;-)

    ReplyDelete
  7. Óna cloigne céanna a thug feirmeoireacht thionsclaíoch dúinn!

    EROEI

    ReplyDelete