31 Lúnasa 2010

i ndísc


Bíodh go bhfuil sé ag stealladh báistí anseo i Seattle inniu, tá tobar an bhlag seo i ndísc. Féach an íomhá thíos.

Tá cairde éagsúla ar aíocht againn gan stad ó 24 Iúil i leith, níos mó na lánúin amháin ag amanna. D'éirigh mé ag 4:45 a.m. inné le mo neacht, Jessica, agus Justin, a páirtí, a thiomáint go dtí an t-aerfort. Níl ach cara amháin ag fanacht linn anois, agus tuigeann seisean rithimí an tí go han-mhaith (.i. conas caife a dhéanamh, an miasniteoir agus an folúsghlantóir a úsáid, etc.), agus ní gá siamsa a dhéanamh dó gach aon nóiméad. Bhain mé sult nach beag as an gcomhluadar uilig ach ...

Cliceáil ar an ngrianghraf seo le Tom Foster len é a mhéadú.
Radharc ar chuid de Dry Falls in oirthear Washington atá ann.

4 comments:

  1. @ 'Tá cairde éagsúla ar aíocht againn gan stad'

    Tuigim do chás! Níl stop ar na gcuairteoirí anseo, agus is mar sin a bheas go ceann coicíse.

    Is deas ann an comhluadar, mar a dúirt tú, a Dennis, agus beidh Fómhar agus Geimhreadh sách ciúin againn lenár mblaganna a scríobh - agus le scíth a ligean...;-)

    ReplyDelete
  2. Níl tú ar aon tuairim le hAillil, mar sin?

    Tá nath feiliúnach eile ann, áit éigin go domhain i'm stóras, ach nílim ag teacht air.

    ReplyDelete
  3. Chuirfeadh an grianghraf tart ar dhuine!

    ReplyDelete
  4. Tá suíomh Tom Foster an-suimiúil. Chonaic mé an Dry Falls cúpla bliain ó shin. Tá an aimsir te sa samhradh sa cheantar sin.

    ReplyDelete