24 Lúnasa 2010

Lushootseed


Chuir Dubhaltach cúpla ceist orm inné faoi dhearcadh an phobail ar theangacha dúchasacha Iascairt Washington:

“Cad é an tuiscint i measc an ghnáthphobail faoi theanga(cha) dúchais an cheantair?
Nach bhfuil na dúchasaigh ag iarraidh aird a tharraingt ar na hainmneacha sin?”

Na fíricí:

1) Shroich galair na nEorpach, an bholgach, an bhruitíneach, etc., an ceantar seo roimh theacht na Meiriceánach. Séard a fuair na daoine bána rompu nuair a tháinig siad isteach i lár an naoú haois déag ná tír a bhí leathbhán. Bhí na hIndiaigh ina mionlach ina dtír féin cheana féin.

2) Tá na teangacha a bhíodh á labhairt ag na bundúchasaigh marbh nó leathmharbh anois. Níl éinne fágtha anois ar féidir leis nó léi comhrá nádúrtha leanúnach a dhéanamh i Lushootseed, an teanga a bhí i réim cois na n-aibhneacha is na gcladach sa cheantar seo roimh theacht na Meiriceánach. (Níor chónaigh éinne sna foraoisí ag an am sin.)

3) Tá cuid de na hIndiaigh ag iarraidh na teangacha seo, an teanga Lushootseed go háirithe, a thabhairt ar ais anois sna scoileanna ar na reservations. Tá na tréibheanna Tulalip chun tosaigh sa togra seo. Is an-deacair an teanga í, áfach. Tá sí lán go béal le fuaimeanna nach bhfuil againn i mBéarla ná in aon teanga Ind-Eorpach eile. Ní féidir focal a fhoghlaim mura féidir leat é a rá!

4) Baintear úsáid “shearmanach” as Lushootseed i gcúpla áit anseo i Seattle. Tá na painéil seo le Hachivi Edgar Heap of Birds le feiceáil in Pioneer Square, i lár na cathrach, le beagnach fiche bliain anuas. Tá Lushootseed ar taobh amháin agus an t-aistriúchán Béarla ar an taobh eile den dá phainéal.



Is ón mblag Best Of a fuair mé na pictiúir seo.



Thóg mé an pictiúr seo thuas inné ar champas Ollscoil Washington. Bhí an leabharlann dúnta le haghaidh “lá glantóireachta” mar sin bhí orm an grianghraf a thógáil trí fhuinneog ón taobh amuigh. Seo é an téacs iomlán:


Tá aistriúchán Béarla den abairt ar an mballa sa leabharlann freisin. Seo é i nGaeilge:

Tugann Fiach solas leis go dtí teach seo na scéalta.

12 comments:

  1. Chuamar go dtí an Makah Reservation i Mí na Nollag, go Cape Flattery. Chonaic me an leathanach seo ar an idirlíon i ndiaidh sin.
    Duine ag léamh ina dteanga aisteach, An Lushootseed é? --

    http://content.lib.washington.edu/cmpweb/exhibits/makah/whaling-in-makah.html

    ReplyDelete
  2. Ní Lushootseed atá ann ar chor ar bith. Is teanga Wakashan í Makah, agus is teanga Salishan í Lushootseed. Ach tá na fuaimeanna céanna ag an dá theanga den chuid is mó. Bhí/tá teangacha ó theaghlaigh éagsúla á labhairt ar chósta an Iarthuaiscirt, ach tá an “phonemic inventory” céanna acu uile a bheag nó a mhór, agus an bhá chéanna le cairn chonsan freisin. Carn consan amháin a thaitníonn liomsa ná -tẋs in ʔəʔútẋs (= “curach mhór” i Lushootseed) atá ar marthain fós sa logainm “Otso Point”.

    ReplyDelete
  3. @ 'Tugann Fiach solas leis go dtí teach seo na scéalta.'

    Fiach? Duine ar leith, nó an léitheoir...

    ReplyDelete
  4. Fiach = éan mór dubh. I measc na ndaoine ar chósta an Iarthuaiscirt, ba é Fiach an neach miotaseolaíoch ba thábhachtaí. Féach an bhlagmhír seo le haghaidh tuilleadh eolais.

    ReplyDelete
  5. Tá níos lú ná caoga duine ag a bhfuil Saelis na gCeann Réidh (Montana) ar a dtoil acu fós, agus an chuid is mó díobh aosta. Ach tá scoil ann do pháistí anois, agus seans ann go mairfidh a dteanga fós.

    ReplyDelete
  6. Na Flatheads atá tú a rá? Tá canúint eile den teanga chéanna ag na Spokanes anseo i Washington freisin.

    ReplyDelete
  7. Sea, mar a deir tú:
    http://www.native-languages.org/salish.htm
    Nó Cailiospeil.

    ReplyDelete
  8. Seo suíomh iontach a fuair mé:
    http://www.ethnologue.com/show_map.asp?name=US&seq=30
    Mapaí teanga de áit ar bith.

    ReplyDelete
  9. Go raibh míle maith agat as an eolas seo Dennis.
    Tá litriú aisteach ar an teanga nach bhfuil? An ? sin.
    An bhfuil lámhscríbhinní arsa ar fáil sna teangacha dúchasacha?

    Caithfidh mé a rá go bhfuilim dall don cheist teanga i Meiriceá.
    Ach buíochas leis an mblagmhír seo is féidir liom é sin a reiteach

    ReplyDelete
  10. Teangeolaithe a chum an litriú sin. Is leagan den Americanist phonetic notation é. Níl a lán litríochta scríofa sa teanga. An méid atá ann, tá sé scríofa sa litriú seo.

    Tá teangacha Meiriceánacha ann nach bhfuil chomh casta le Lushootseed ó thaobh na fóineolaíochta de. Seo sliocht as scéal Hopi, mar shampla:

    Pu' yaw pay piw iisaw suutuptsiwqe pu' yaw pay piw tuwatniqey yan wuuwa. Pam hapi yaw pante' pu' paasat put kaneeloyat iikwiw.

    Tá téacs gearr i gcúpla teanga atá gaolmhar le Hopi, mar atá Sosoni, Nahuatl agus Nüümüna (Western Mono), le fáil anseo. Teangacha Uto-Aztecan iad seo uilig.

    Tá sé ar intinn agam scéilín i Northern Paiute, teanga atá gar i ngaol le Sosoni (Shoshone), a thabhairt daoibh amach anseo. Tá sé ina luí ar an urlár in aice le mo dheasc le tamall anuas. Is mithid dom tosú air arís!

    ReplyDelete
  11. Maidir leis an litir ʔ, is stop glotais í.

    ReplyDelete