25 Meán Fómhair 2020

Ab Dhroimeanaigh a bhí ina fhear agus ansin ina bhean

 


Bhí óglach ann fadó. Is i nDroimeanach a bhí cónaí air agus bhí sé ina ab. Tar éis dó fleá mhór a ullmhú leis an gCáisc a chomóradh, chuaigh sé amach as an halla agus shuigh sé síos ar chnoc ard aoibhinn a bhí os cionn an bhaile. 

Ab galánta a bhí ann. Bhí hata faiseanta lín ar a cheann agus bhí léine den sról ríoga lena chneas geal. Bhí ionar álainn air, agus brat scarlóide ag clupaideach ina thimpeall. Bhí claíomh órdhoirn ina láimh aige. 

Tháinig tuirse air go tobann ar an tulach sin. Chuir sé a uillinn faoina cheann thit ina chodladh.

Tar éis dó múscailt as a néal, chuir sé a lámh ar a chlaíomh. Ach ní bhfuair sé ansin ach arm mná .i. coigeal. Agus bhí léine air go talamh agus séard a bhí ar a cheann ná folt fada forórga. Nuair a thug sé a lámh thar a aghaidh ní bhfuair sé féasóg uirthi, agus nuair a chuir sé a lámh idir a shliasta fuair sé comhartha bandachta ansin.

Níor chreid an t-óglach na comharthaí éagsúla sin. Ba dhóigh leis gur imríodh draíocht air.

Ansin tháinig bean mhór thar bráid. Arracht foltliath a bhí inti agus í gléasta in éidí urghránna. “Céard seo?” a dúirt sí leis. “Iníon mhín mhongbhuí mar thusa i d'aonar ar an tulach seo i bhfeascar an lae agus i mbéal na hoíche?”

Bhí mo dhuine dubhach deorach dobrónach ansin agus dúirt, “Níl a fhios agam cá rachaidh mé nó céard a dhéanfaidh mé. Má théim chuig mo theach ní bheidh aithne ag mo mhuintir orm agus má imím, tá an saol contúirteach do bhean ina haonar. Mar sin féin, is fearr dom dul ar fán go dtí go mbéarfaidh Dia orm, óir is eisean a shaobh mo chruth agus mo dheilbh agus a chuir in éagruth agus in ainriocht mé. Ach cé gur athraigh sé mo chruth, tugaim mo bhriathar i bhfianaise an Dúilimh nár chroch mé aon duine riamh, agus nár fheall mé ar aon duine, agus nár sháraigh mé clog ná mionn ná bachall, agus nár chráigh mé cill. Ní dúirt mé olc le neach ar bith, agus ní dheachaigh aoi ar bith díomách ó mo theach riamh."

Ansin d’éirigh sí ón tulach sin. Lig sí uaill chaointe agus dúirt, “Is trua nár shlog talamh na tulaí mé, óir níl a fhios agam cá rachaidh mé ná céard a dhéanfaidh mé.” D’imigh sí roimpi ansin le fána an chnoic siar go dtí faichí Chromghlinne, cill nach raibh i bhfad ar shiúl.

Casadh óglalch mór míleata uirthi ar fhaiche an bhaile sin agus thug sé grá díochra di ar an toirt. Tar éis dóibh luí le chéile d’fhiafraigh an t-óglach den iníon cá has di agus cé hí féin. Dúirt sí leis nach bhfaigheadh sé an fios sin uaithi is cuma cé chomh fada a bheadh siad le chéile.

“Cuirfidh mise mé féin in aithne duit," a dúirt an t-óglach. "Is mise aircheannach na cille seo a bhfuil Cromghlinn mar ainm uirthi.  Fuair mo bhean bás dhá bhliain ó shin. Beidh tusa i mo bhean chéile anois." 

Ansin chuaigh siad le chéile go dtí teach an airchinnigh agus d’fhear muintir an tí fáilte agus fiche roimpi. Bhí sí seacht mbliana aige ina bhean chéile, agus rug sí mórsheisear clainne dó i rith an ama sin.

Lá amháin tháinig teachta chun an airchinnigh ó chomhthionól Dhroimeanaigh le cuireadh a thabhairt dó ar fhéasta na Cásca. Chuaigh sise in éindí leis an airchinneach chomh fada leis an gcnoc ar saobhadh a cruth uirthi. Thit a codladh uirthi ansin. Chuaigh an t-airchinneach agus a mhuintir ar aghaidh chun na cille. 

Nuair a dhúisigh an iníon is amhlaidh a bhí sé ina fhear arís, sa riocht céanna ina raibh sé roimhe sin. Fuair sé a chlaíomh ar a ghlúin agus dúirt sé “A Dhia, is mór an mhairg atá orm!” Chuaigh sé, ag síleadh na ndeor, go dtí a chéad áras. Nuair a chonaic a bhean é dúirt sí leis, “Is ró-fhada atá tú ar iarraidh ó do theach.”

Bhí daoine cruinn sa teach leanna faoin am sin. Insíodh an scéal mór iontach sin dóibh. Níor chreid siad an scéal ar dtús mar dúirt bean an aba nach raibh sé ina heasnamh ach aon lá amháin. Faoi dheireadh, tar éis an iomad comharthaí éagsúla a thabhairt, creideadh scéal an aba agus rugadh breith eatarthu, idir é féin agus an t-airchinneach. Is é an bhreith a tugadh ná an seachtar clainne a roinnt eatarthu, leath is leath. Maidir leis an an mac breise, tugadh ar altram don airchinneach é. Is mar sin a scar siad lena chéile.

06 Meán Fómhair 2020

Niall Frossach agus Athair an Mhic


Tá an scéilín seo le fáil sa lámhscríbhinn Leabhar Laighneach, folio 273b, sa scéal faoi Niall Frossach.

Nuair a bhí siad ansin tháinig bean chuig an rí agus maicín ina baclainn aici, agus chuir sí in ucht an rí é.
“Dar do ríogacht agus dar do fhlaithiúnas,” arsa sise, “faigh amach trí fhíor do fhlaithe cé hé athair an mhic seo, óir níl a fhios agamsa. Tugaim mionn agus móid, romhatsa agus roimh Dhia, nach raibh caidreamh collaí agam le fear ar bith leis na blianta.” 
Bhí an rí in thost ansin.
“An ndearna tú lánúnas reabhraidh le bean eile?” arsa an rí. “Agus ná ceil é má rinne.”
“Ní cheilfidh mé. Rinne,” arsa sise. 
“Is fíor,” arsa an rí. “Bhuail an bhean sin craiceann le fear roimhe sin agus an síol a d’fhág sé aici, chuaigh sé isteach i do bhroinn leis an gcomhchuimilt, agus d’éirigh tú torrach. Is é sin athair do mhic. Faightear amach cé hé."




23 Lúnasa 2020

Scaoil


Nach iomaí rud is féidir a scaoileadh? 

Racht. 🤬 
Rún. 🤫 
Fadhb. 🧐 
Snaidhm. 🎀 
Sciatháin. 🦅 
Seol. ⛵️ 
Broim. 💨 
Na putóga! 💩 

09 Lúnasa 2020

Tao Te Ching 69

用兵有言:吾不敢為主,而為客;不敢進寸,而退尺。

Tá seanrá ag cinn airm: ‬
‪is fearr cosaint ná ionsaí 
‪agus is fearr troigh ar gcúl ‬
‪ná orlach chun cinn.  ‬

是謂行無行;攘無臂;扔無敵;執無兵。

Is siúl gan chéimniú é seo ‬
‪agus greim gan ghabháil.
‪Is ionsaí gan ionradh é ‬
‪agus troid gan arm.

禍莫大於輕敵,輕敵幾喪吾寶。

Níl tubaiste níos mó ‬
‪ná fonóid faoin namhaid. ‬
‪Tig le fonóid faoin namhaid ‬
sinn a mhilleadh.

故抗兵相加,哀者勝矣
Mar sin más cothrom an cath ‬
‪beidh an bua, gan dabht, ‬
‪ag an taobh is laige!‬

27 Iúil 2020

Seanbheag / Senbecc


Lá amháin bhí Cú Chulainn le taobh na Bóinne ina charbad. Bhí Lao mac Rianghabhra in éindí leis agus bhí sé ag déanamh chleas an naonúir, ag marbh na mbradán i Linn Feic. Chonaic siad fear beag in éadach corcra, agus é ina shuí i mbáidín cré-umha a bhí ag snámh gan iomramh. Thóg Cú Chulainn an báidín ina láimh agus an firín ann.
“Tá tú agam,” arsa Cú Chulainn.
“Is dócha,” ar seisean. “Tabharfaidh mé mo bhrat agus mo léine, a bhfuil buanna ar leith acu, duit mar luach fuascailte. Oireann siad do chuile dhuine, is cuma beag nó mór é. Ní féidir an duine a bhfuil siad air a bhá nó a dhó. Ní thiocfaidh meath orthu, ná ar an té a bhfuil siad air, agus beidh cibé dath is mian leis orthu." 
“Tá siad agam cheana fein,” arsa Cú Chulainn. 
“Tóg leat mo sciath agus mo shleá agus ní gheobhaidh éinne an bua ort agus ní ghortófar thú chomh fada agus a bheas an sciath agat mar chosaint."
“Is liomsa iad,” arsa Cú Chulainn. “Tá siad ar chroí mo bhoise."
“Tá tú ag tromaíocht orm,” arsa Seanbheag. 
“Cén rud é sin agat?” arsa Cú Chulainn. 
“Cláirseach bheag,” arsa Seanbheag. “An seinnfidh mé duitse í?”
“Ba mhaith liom sin,” arsa Cú Chulainn.
Chuir sé a mhéara thar na téada agus bhí Cú Chulainn ag caoineadh leis an ngoltraí. Sheinn sé geantraí ansin agus bhí Cú Chulainn ag gáire le lúcháir. Sheinn sé suantraí agus thit codladh trom ar Chú Chulainn. Chuaidh Seanbheag abhaile agus níor fágadh faic ag Cú Chulainn. 




Feacht n-aen dino do Choinculainn la taeb na Boine ina charput ocus Laeg mac Rianngabra 'na farrad ocus cles niadh nonbur uaso oc guin na n-iach il-Lind Feig. Confacatar in fer m-becc i n-edach corcra ocus luingin creduma foi fri troisc na Boinne gan imram itir. Dobert Cúchulaind for a bois cona luingin. "Dotrala ind" ar Cúchulaind. "Is docha" ar se. "Dober logh n-anacail .i. mo brat ocus mo leine ocus atat buada leo .i. at coimsi do cech duine itir becc ocus mor. Ni baitir, ni loicstir cein beit imme. Ni raga urcra forro na ar inti imbá m-bia ocus cech dath is maith ré neach bid forro." "Acum atat ceana" ar Cúchulaind. "Beir mo sciath ocus mo ghai ocus ni co n-gébtar cath mo comlonn frit ocus nit gonfaidhthar do ghres gin bes in sciath ar do scáth." "It lim uile," ar Cúchulaind "atat acuil mo duirnn." "Is tromda atai rim" ar Senbecc ocus in sepainfidhtir duit-si he?" "Maith lium" ar Cúchulaind. Atmaigh-sium a mher tharse co m-boi Cúchulaind oc sirchui lásin n-golltraighes. Rot sephain dono gentraighes co m-boi Cúchulainn laind oc sirgaire. Ro seinn suantraighes co m-boi Cúchulainn on trath co ceile ina suan ocus i sircodlad. Luidh Senbecc diathigh ocus nom beir a breig a durnn Cuculaind.

12 Meitheamh 2020

Cur is Cúiteamh


Na téarmaí atá uait: 

mura bhfuil dul amú orm ‬
‪más maith mo chuimhne ‬
‪más buan mo chuimhne ‬
‪feictear dom ‬
‪tuigtear dom 
is é mo mheas ar an scéal 
‪de réir mo thuisceana ‬
‪nod leat go bhfuil ‬
‪ar an láimh eile 
os a choinne sin 
ar an taobh eile den scéal 
mar sin féin 
é sin ráite 
‬bíodh sin mar atá 
i ndeireadh na feide 
i ndeireadh na dála 
ina dhiaidh sin féin 
mar a dúirt mé cheana 
ní féidir a shéanadh‬ 
‪níl aon amhras ach‬ 
tá sé i bhfios agus i bhforas go 
mar is eol do chách 
mar is eol don saol mór agus a mháthair 
mar is eol do mhadraí an bhaile‬ 
‪is léir don dall gur‬ 
‪mar a deir an seanfhocal 
‪i gcead duit 


16 Bealtaine 2020

Miach


Bhí Nuada ag fáil leigheas ag an am sin. Thug Dian Céacht lámh airgid dó. Ní raibh Miach, mac Dhian Céacht, sásta leis sin. Chuaigh seisean os comhair an láimh agus dúirt, “Alt le halt agus féith le féith,” agus d’íoc sé i naoi lá í. An chéad trí lá, chuir sé i dteagmháil lena thaobh (.i. taobh Nuada?) í agus fuair sí clúdach craicinn. An dara trí lá chuir sé lena bhrollach í. An tríú trí lá rinne sé rud éigin diamhair le luibheanna dóite.

B’olc le Dian Céacht an leigheas sin. Thug sé béim de chlaíomh ar mhullach cinn a mhic a ghearr an fheoil. Leigheas an t-ógfhear lena ealaín é sin. Bhuail a athair arís é agus ghearr sé an fheoil go dtí an chnámh. Leigheas an t-ógfhear é sin sa dóigh chéanna. Thug Dian Céacht an tríú béim dó ionas gur shroich sí seicin a inchinne. Leigheas an t-ógfhear é sin freisin. Thug sé an ceathrú béim, a chuaigh trína inchinn agus a thug bás do Mhiach. Dúirt Dian Céacht nach n-íocfadh an lia is fearr an chréacht sin. 

D’adhlaic Dian Céacht Miach agus d’fhás luibheanna leighis as an uaigh, óna ailt agus óna fhéitheacha, 365 a líon. Scar Airmhidh, deirfiúr Mhiach, a brat agus chuir sí na luibheanna in eagar ar an mbrat de réir a gcuid buanna. Tháinig Dian Céacht ansin agus mheasc sé na luibheanna le chéile, le nach mbeadh a mbuanna éagsúla ar eolas ag éinne, mura bhfuair sé an t-eolas sin ón Spiorad. Agus dúirt Dian Céacht, “Cé nach ann do Mhiach, mairfidh Airmhidh.”


14 Aibreán 2020

Tócaib Mac Con a glún súas.


Chonaic Cormac an fear i ndoras Theamhrach os a chomhair, ag labhairt le bean agus ise ag caoineadh. Chuaigh sé laistiar den fhear len a chlaíomh a nochtadh. Dúirt an fear leis, “Ná nocht claíomh dom ós mise reachtaire Mhac Con. Neachtan is ainm dom.” “Abair rud liom,” arsa Cormac. “Déarfaidh agus fáilte,” arsa an reachtaire. “Cén fáth a bhfuil an bhean ag caoineadh?” arsa Cormac. “Tá sí ag caoineadh,” a dúirt an reachtaire, “an bhreithiúnais a thug an rí uirthi, a chuid caorach a chailleadh toisc gur lom siad glaisin na banríona.” “Ba chóra,” arsa Cormac, “na caoirigh a lomadh. Níor thug ainbhreith riamh an fear a thug seo. Lig dom dul chuige.” Chuir an reachtaire na focail seo in iúl do Mhac Con. “Téigh chuige,” arsa Mac Con. “Is é a bheas i mo dhiaidh. Má tá fear de chlann Airt in Éirinn, is é an fear sin. Tagadh sé faoi mo choimirce le go bhfágfaidh mé Teamhair aige, óir ní liomsa í ó thug mé an breithiúnas sin. Tá mo ré thart. Tríocha bliain go dtí an lá inniu ó ghabh mé ríghe. Tagann an fear óg isteach. Cuireann Mac Con fáilte roimhe agus éiríonn sé roimhe. “Ní hea,” arsa an fear óg (Cormac). “Ní mise an rí chomh fada agus a bheas tú ann.” Tógann Mac Con a ghlúin suas.

comhairle ó mheisceoir




gallúnach



Maítear go bhfuair na Rómhánaigh gallúnach ó na Gallī .i. na Gallaigh, agus is ón bhfocal sin a fuair muid an focal “gall”. Mar sin is féidir “gallúnach” a thuiscint mar “foreign froth” nó “foam of the Gauls”. Rud fíor-Cheilteach é do lámha a ní le gallúnach!



04 Feabhra 2020