03 Nollaig 2018

Echtrae Nerai


1. Boí Ailill ocus Medb aidchi S*amnae hi rRáith Chrúachan cona tegluch uiliu. Gaibthir for berbad biid leu. Ro·crochtha dá chimbid leu a llae reme-sin. As·bert Ailill íarum: "Int í do·bérad trá," ol sé, "id imm chois[s] nechtair in dá chimbedo file isin chroich, ra·mbiad a lóg lemm-sa airi, amail bed áil dó." 2. Ba mór íarum a dorchatu inna h-aidche-sin ocus a grándatu ocus do·aidbitis demnai ind adaig-sin do grés. No·téiged cach fer ar úair úaidib immach dia phromad inna h-aidche-sin ocus ba h-opunn ticed isa tech a f*rithisi. "Rom·bíth-se a lóg latt," ol Nerae, "ocus rega immach." "Rot·bia mo chlaideb órduirn-se éim," ol Ailill. 3. Do·cumlai ass íarum int í Nerae ocus gabais gaisced maith fair dochum inna cimbedae. At·n-aig íarum id imm chois[s] indala f*ir dinaib cimbedaib. Do·cuirethar íarum inna degaid aithirriuch co fo thrí. As·bert íarum in cimbid fris[s], mani·tuccad menoc tacair fair, dia·mbé occo co mmatain, ní·dúnfad íarum fair a menoc féin ind edo. At·n-aig Nerae menoc tacair fair íar sin. 4. As·bert in cimbid isin chroich fri Nerae: "Ferdae sin, a Nerai!". "Ferdae éicin!" ol Nerae. "Ar f*ír do láechdachtae fritt, nom·beir fort muin co·n-esbiur dig latt. Rom·boí íttu mór form in tan rom·chrochad." "Tair éim form muin!" ol Nerae. Do·tét íarum fora muin. "Ced leth not·bér?" ol Nerae. "Don taig as nessam dúnn," ol in cimbid. 5. Lotar íarum don taig hí-sin. Co·n-accatar íarum ní, a lloch teined imma tech-sin. "Ní·fil ar ndig isin taig-seo," ol in cimbid. "Ní·bí teine cen choclad and do grés. Tair riunn don taig ailiu dano as nessam dúnn," ol in cimbid. Lotar dano do s*uidiu. Co·n-accatar dano loch n-uisci imbi-side. "Ná·h-eirc don taig-sin," ol in cimbid. "Ní gnáth aithindlat ná athf*othrucud ná ambor co nnéimiud and ind aidchi íar cotlud. Tair riunn don taig ailiu beus," ol in cimbid. Lotar don taig-sin. "At·tá mo deog-sa isin taig-seo immurgu," ol in cimbid. Da·lléci de for lár. Téit isa tech. Aithindlat ocus athf*othrucud and, ocus ibid dig a cechtar de. Ambor co nnéimiud dano for lár in tige. Ibid dano dig de s*uidiu, ocus sreithid loimm ndéidenach asa bélaib imm aigthi inna ndoíne bátar isin taig, co·n-apthatar uili. Is íar sin trá ní maith aithindlat ná athf*othrucud ná teine cen choclad ná ambor co nnéimiud i taig íar cotlud. 6. Da·mbeir íarum dochum a réige a f*rithisi. Ocus do·tét Nerae fora chúlu do Chrúachnaib. Co·n-accae ní, ro·loscad a ndún ar a chiunn ocus co·n-accae cendail a muintire lasna h-ócu ón dún. Téit i ndiad int s*lúaig íarum i n-úaim Crúachan. "Fer hi lorg so," ol in fer déidenach fri Nerae. "Trummu a llorg-so," ol a chéile fri suide ocus as·bert cach fer fria chéile in focul ónd f*iur déidenach cosin fer toísenach. Íar sin ro·segat síd Crúachan ocus lotar isa síd. Gaibthir taisbénad inna cenn íarum dond ríg fíado-som isint síd. "Cid do·géntar dond f*iur tánaicc lib?" ol fer díib-sium. "Táet ille conda·n-acallar-sa," ol in rí. Do·tét cuccu íarum ocus as·bert in rí fris: "Cid dot·uc lasna h-ócu isa síd?" ol in rí fris. "Hi comaitecht do s*lúaig-siu," ol Nerae. "Eirc don taig ucut tall trá," ol in rí. "At·tá ben oentama and. Dénad maith frit. Eipir frie is úaim-se foíter cuicce. Ocus tair-siu cach día co cúail chondaid don taig-seo." 7. Do·gní-sium íarum a n-í-sin amail as·breth fris. Ferthair íarum fáilte fris ocus as·bert: "Fochen duit, masu hé in rí rot·f*oíd ille." "Is hé éim," ol Nerae. No·téiged Nerae íarum co cúail chondaid don dún cach día." Ad·cíd asin dún immach cach día ar a chiunn dall ocus baccach fora muin. No·téigtis co·mbítis for ur inna tiprat i ndorus in dúine. "In·fil and?" ol in dall. "Fil éicin," ol in baccach. "Tíagam ass dano!" ol in dall. 8. Ro·íarfacht Nerae íarum a n-í-sin don mnaí. "Cid taithigit,"ol sé, "in dall ocus in baccach don tiprait?" "Taithigit in mbarr fil isin tiprait," ol in ben, ".i. mind n-óir bís for ciunn ind ríg. Is and do·coisegar." "Cid armbad in dias ucut dod·aithiget?" ol Nerae. "Ní h-ansae," ol sí, "úair rob íat robo tairisiu lasin ríg do thaithigid in bairr. Ro·dallad indala fer ocus ro·baccad araile." "Tair ille biucc," ol Nerae fria mnaí, "co·n-écis dom ní dim imthechtaib colléic." "Cid dot·arfas?" ol in ben. "Ní h-ansae," ol Nerae. "In tan ro·mbá oc tuidecht isa síd, andar lemm ro·ort Ráith Chrúachan ocus do·rochair Ailill ocus Medb cona tegluch uiliu and." "Ní fír éim ón," ol in ben, "acht is slúag síabrae dot·ánaicc. Fírfidir a n-í-sin," ol sí, mani·f*oillsigfed-som dia chéilib. "Cindas béra-sa robud dom muintir?" ol Nerae. "Eirc a ndochum," ol sí. "At·taat immon coire cétnae beus, ocus ní·tallad in lucht don tenid cose." Sech ba h-áirem tri lae ocus téora n-aidche leis-sium boíe isint s*íd. "Eipir friu, airichlither immon Samuin-seo do·thét, mani·táesat-som do orguin int s*íde. Ar do·rairngered doib-sium ón: orguin int s*íde do Ailill ocus do Meidb ocus in barr Briuin do brith doib ass." 9. Is ed tréide fríth hi suidiu .i. cétach Lóegairi hi nArd Macha ocus in barr Briuin la Connachta ocus ind enech Dúnlainge la Laigniu hi Cill Daro. 10. "Cindas creitfider úaimm-se techt isa síd?" ol Nerae. "Beir toirthi samraid latt," ol in ben. Do·bert íarum crem leiss ocus sobairche ocus buiderad. "Et bia torrach-sa uait," ol sí, "ocus béra macc duit. Ocus dom·í-se fis-scél úait, in tan ticfea do muinter do orguin int s*íde, co·ruccae do muintir ocus do chethrai asint s*íd." 11. Luid Nerae íarum coa muintir, condas·fúair immon coire cétnae, ocus ad·fét scéla doib. Ocus do·breth dó íarum a chlaideb, ocus anais lia muintir co cenn mblíadnae íar sin. Is hí in blíadain-sin dano int s*ainriud luide Fergus mac Roich a crích Ulad for longais co hAilill ocus Meidb co Crúachna Aí. "Tánaic do dál trá, a Nerai," ol Ailill fri Nerae. "Eirc co·tuccae do muintir ocus do chethrai asint s*íd, co·ndichsem-ni do orguin int s*íde." 
12. Téit Nerae íarum coa mnaí isa síd ocus ferais a ben fáilte friss. "Eirc ass trá don dún," ol a ben fri Nerae, "ocus beir cúail condaid latt. At·táu-sa blíadain lláin occa aithigid co cúail chondaid formo muin cach dia tart éisi, ocus as·ruburt is i ngalur ro·bá-su. Ocus uind-siu do macc sund ucut dano." Téit-sium ass íarum don dún ocus beirid cúail condaid leiss fora muin. "Fó! Día do bethu assin galur hi·rraba! Olc lemm immurgu in ben do f*eiss latt cen athchomarc." "Do·géntar do ríar-su imm s*odain," ol Nerae. "Níba ansae duit-siu ón," ol in rí. Do·tét dia thaig for cúlu. "Ingair trá do bú indiu," ol in ben. "Do·ratus boin diib dot macc íarna gein fochétoir." Téit Nerae dano lia chethrai a llaa-sin. 13. Beirid in Morrígain íarum boin a maicc-sium céin boí-sium ina chotlud, conda·rodart in Donn Cúailngi tair hi Cúailngiu. Do·tét cona boin a frithisi anair. Dos·(n-)airret Cú Chulainn i mMuig Muirthemni oc tuidecht tarais. Ar ba de geissib Con Culainn, † cet[t]eit ban † [cet éit ban?] asa thír, manip aurderg leiss. Ba dia geissib énlaith do f*ogeilt a thíre, mani·facbatais ní leiss. Ba dia geissib íasc i n-inberaib, mani·todsaitis leiss. Ba dia geissib óic echtarcheníuil ina thír, mad i n-aidchi tístais, cen immacaldaim forru ría mmatain, mad fri lae tístais, cen immacaldaim ría n-aidchi. Nach ingen maccdachtae ocus nach ben óentama no·bíd la hUltu, is fora inchaib-seom no·bítis na co·n-eráiltis for feraib. It é geissi Con Culainn in sin. Do·airret Cú Chulainn in Morrígain cona boin ocus as·bert: "Ní·berthar ind immerge!" ol Cú Chulainn. 14. Do·tét Nerae ass íarum fescur dia thaig cona búaib. "Dom·esta bó mo maicc trá," olse. "Ní mo dú do dul-su do ingairiu fond alt-sin," ol a ben fris-sium. Tánaic in bó fo s*odain. "A ingnad trá, can do·dechuid in bó-so?" "Do·dechuid éim," ol in ben, "a Cúailngiu íarna dáir tair don Dunn Chúailngi. Eirc ass trá a fecht-so," ol in ben, "nacha·foglúaiset do oic," olsi. "For·éimdeth in choibden hí-siu i mblíadnai cosin samain aithirriuch. Do·tíasat aidchi s*amnae aithirriuch, ar it airslaicthi síde Érenn do grés imm s*amain." 15. Do·tét Nerae dochum a muintire. "Can as·tuidched?" ol Ailill ocus Medb fri Nerae, "ocus cáit hi·rraba ó do·coad úainn?" "Ro·bá i tírib caínib," ol Nerae, "co sétaib ocus moínib móraib, co n-imbiud bruitt ocus biid ocus sét n-ingnad. Do·regat do for n-orguin aidchi S*amnae do·thét, mani·foillsigther dúib." "Ros·n-iccfem-ni éim," ol Ailill. Biit and trá co cenn mblíadnae. "Má no[t/d]·f*il ní trá isint s*íd," ol Ailill, "a Nerai, eirc co·tuccae ass." Téit Nerae íarum tress lae ría Samuin co·tucc a immirgi asint s*íd. Amail do·dechuid íarum in tairbíne asint s*íd, ed ón lóeg bó Aingeni, .i. Aingene ainm a maicc-sium, ad·aig a tri géimenn ass .i. in tairbíne. Is hí sin úair ro·boí Ailill ocus Fergus oc imbirt f*idchille. Co·cúalatar ní, géim in tairbíni isin muig. 16. Is and as·bert Fergus: Niba inmain lemm a n-ag géises isin Chrúachanmaig, macc Duib Chúailngi conid·saig, maccán in tairb ol Loch Laig. Bieit lóegáin de cen bú i mBairchi hi Cúailngiu: cichis réimm roirge in rí di ág aige Aingeni. 17. (Aingene ainm ind f*ir ocus Bé n-Aingeni ainm inna mná, ocus ba h-inunn congraimm ad·chondairc int í Nerae forrae ocus ad·chondairc Cú Chulainn hi Táin Bó Regamna.) 18. Cond·recat íarum in tairbíne ocus in Finnbennach hi mMuig Chrúachan. Lae ocus adaig doib hi comruc and-sin co·rroímad forsin tairbíne fo deud. Béiccis in tairbíne íarum in tan ro·mmemaid fair. "Cid ro·béicc a n-ag?" ol Medb fria búachaill, Búaigliu a ainm-side. "Ro·fetar-sa ní, a mo phopa, a Fergus, is in laíd ro·gabais hi mbúarach," ol Bricriu. Da·n-éccai Fergus sechae la sodain ocus bentai sethnu a chinn do Bricriu cona durn co·llotar in chóicf*ir fidchille bátar hi ndurn F*ergusa hi cenn mBricrenn, combo búan d'ulcc dó. "Eipir friumm, a Búaigliu, cid as·rubart in tarb?" ol Medb. "As·rubart éim," ol Búaigliu, "mad a athair-sium tísed do chomruc friss .i. in Donn Cúailngi, nícon·arthraigfed i n-Aí ocus no·memsad fair rïam fo Mag n-Aí h-uile cach leth." Is and-sin as·bert Medb ó bés lugai: "Tongu inna déu tongas mo thúath ná·tairniub ocus ná·cotlub for clúim ná colcaid ocus ní·ibimm bláthcha ocus ni cainfuirim (? f.n. nícon·fuirim) mo thoíbh ocus nícon·airbiur dergf*latha ná find ocus nícon·airbiur biuth, condam·robat in dá tharb-sin ar mo bélaib do chomruc." 19. Íar sin trá tíagait Connachta ocus in Dublongas isa síd, co·rrortatar a síd ocus co·tucsat ass a mboíe and, ocus co·tucsat ass in mbarr mBriuin íar sin. Is hí sin trá in tress ascaid as amram i nÉirinn ocus cétach Lóegairi hi nArd Macha ocus enech Dúnlainge la Laigniu hi Cill Daro. Fo·árcbad Nera trá cona muintir ina s*íd ocus ní·tánaic ass cose, ocus ní·ticfea co bráth. Conid remscél do Tháin Bó Cúailngi sin. Finit. .3. sechtmaini. ón VIII. nox inna Cásc. 

17 Samhain 2018

sreabhchairt agus sreabhchairt eile





Aonghus Ó hAlmhain a rinne an leagan amach dom.

20 Lúnasa 2018

Conas Lámhscríbhinn a Léamh



Seo an leathanach deireanach den scéal "Oidhe Chloinne Tuireann", sa Lámhscríbhinn 72.2.6 de chuid Leabharlann Náisiúinta na hAlba. Agus seo dhá shampla as.



agus



Rinne an scríobhaí dearmad pinn leis an dá 'i' anseo.

05 Lúnasa 2018

category mistake


Ciallaíonn focail, comharthaí, agus siombailí rudaí. Ní chiallaíonn aon rud eile, beo nó neamhbheo, aon rud.  Is ann do chlocha, crainn, aibhneacha, an ghrian, na réaltaí agus tú féin. Ní focail, comharthaí ná siombailí iad. Earráid chatagóire is ea "meaning" a cheangal le  rud ar bith nach focal, comhartha nó siombail é.  

Céard a chiallaíonn “grian”? Ní hansa.  Seasann an focal sin don chorpán spéire a thugann teas agus solas sa lá dúinn. 

Céard a chiallaíonn an deatach sin? Tá an tósta ag dó! 

Céard a chiallaíonn mo bheatha? Uh. Bhuail mo thuistí craiceann. Ithim. Ólaim. Etc.

Níl ach freagra ciallmhar amháin ann ar an gceist “What is the meaning of life.”




scéal grinn


Tá Barack Obama, Hillary Clinton, agus Trump ina seasamh roimh Dhia ar neamh. Breathnaíonn Dia orthu agus deir sé, “Roimh áit a thabhairt daoibh in aice liom, caithfidh mé fiafraí díobh céard a chreideann sibh.”

Tosaíonn Dia le Obama. “Céard a chreideann tú?”

Déanann Obama a mhachnamh agus deir sé, “Creidim in obair chrua, i ndílseacht do ghaolta agus do chairde. Bhí an t-ádh liom. Rinne mé mo dhícheall an rud ceart a dhéanamh do mo thír i gcónaí.”

Is léir do Dhia maitheas an fhir seo agus tugann sé suíochán do Obama ar a chlé. Ansin cuireann sé an cheist chéanna ar Hillary.

“Creidim i ndíogras, i ndisciplín, i misneach. Cosúil le Obama, creidim in obair chrua. Bhí an t-ádh liom freisin. D’fhéach mé riamh le bheith i mo thírghráthóir agus im Mheiriceánach dílis.”

Téann focail Hillary i bhfeidhm ar Dhia agus tugann sé suíochán di ar a dheis.

Faoi dheireadh, breathnaíonn Dia ar Trump. “Agus, tusa, a Dhónaill, céard a chreideann tusa?”

“Creidim go bhfuil tú i mo shuíochán,” a deir Trump.

20 Iúil 2018

If I had the wings of an angel ...



Dá mbeadh agam sciatháin aingil 
agus bundún ollmhór an bhéir, 
d'eitleoinn os cionn an domhain 
agus chacfainn ar dhaoine ón spéir.

20 Meitheamh 2018

Tao Te Ching 道德經


An Chéad Chaibidil


An siúl a shiúltar, 
ní siúl buan é. 

An t-ainm a ainmnítear, 
ní ainm buan é. 

Gan ainm, is bunús neimhe is talún é. 
Le hainm, is máthair an uile ní é. 

Gan greim air, feictear a rún. 
Le greim air, feictear a íomhánna. 

Is ionann ó thús iad, 
cé nach ionann a n-ainm. 
Tugtar mistéir orthu araon. 

Mistéir na mistéirí, 
doras gach rúin.


道可道,非常道。
名可名,非常名。

無名天地之始;
有名萬物之母。

故常無欲,
以觀其妙;

常有欲,
以觀其徼。

此兩者,
同出而異名,
同謂之玄。

玄之又玄,
衆妙之門。

14 Meitheamh 2018

Rann as Eipic Gilgameš


Arís is arís, tagann tuile san abhainn
agus imíonn cuil le sruth na habhann.
Féachann a haghaidh ar aghaidh na gréine.
Ansin, go tobann, níl rud ar bith ann.





17 Aibreán 2018

Conas a fuair Cú Chearca a ainm?




Cú Chearca, cad as don ainm sin? Ní hansa. Bhí cailleach naofa (.i. bean rialta) darbh ainm Cearc ann. Uair amháin chuaigh Fionnchadh, mac rí Osraí, ag seilg gar dá cillín. Dhúisigh na gadhair giorria. Bhí cú ag an gcailleach agus mharbhaigh sé an giorria. Mharaigh cúnna Fhionnchaidh cú na caillí. 
“Trua sin, a Fhionnchaidh!” arsa an chailleach. “Mharaigh tú mo chú coimeádta (.i. mo mhadra faire), agus bainfidh mé neamh díot ina éiric (.i. ina dhíol).” 
“Ná goid neamh díom,” arsa Fionnchadh. “Beidh mé i mo mhadra faire agat go ceann bliana i ndíol an chú.” 
“Glacaim leis sin,” arsa an chailleach, “agus beidh Cú Chearca mar ainm ort.” 
“Aontaím,” arsa Fionnchadh, agus bhí sé amhlaidh. Is dá bhrí sin a tugadh Cú Chearca air.

10 Márta 2018

An bealach corach ó "comarbae" go "farpais"



Tá focal ag na Gáidhligeoirí nach n-aithnítear i nGaeilge. Le fírinne, tá dhá fhocal ann, co-fharpais agus farpais, ach tá an chiall chéanna acu: comórtas, mar atá le feiceáil thuas. Is focail lán-Ghaelach iad, cé nach bhfuil an stair taobh thiar díobh an-soiléir ar an gcéad amharc. Tosaíonn an scéal leis an bhfocal Sean-Ghaeilge comarbae, a chiallaíonn “heir, successor”.


Rinneadh ainmfhocal eile as, comarbus, leis an gciall “inheritance, heritage, patrimony; succession, heirship”.


Níos déanaí, shíl duine nó daoine i ré na Nua-Ghaeilge Mhoch go raibh f ann ó thús, cé go raibh sé balbh i lár comhfhocail: comhfhorbas.


Ní raibh an smaoineamh seo chomh haisteach sin, dáiríre. Tá fh balbh. Nuair a thosaíonn focal le guta uaireanta ceaptar gur thosaigh sé f  ó cheart, agus cuirtear an f ar ais. Tharla sé sin do úar na Sean-Ghaeilge, ar rinneadh fuar de, agus do úath > fuath

Céard faoin athrú séimeantach, ó “succession, heirship” go “competition”? Níl an míniú chomh deacair sin. Is minic a bhíonn coimhlint agus easaontas ann nuair atá oidhreacht agus comharbas i gceist.

Foilsíodh aistriúchán Gáidhlig de The Pilgrim's Progress le John Bunyan in Albain sa bhliain 1840 faoin teideal Eachdraidh Fhìrinneach mu'n Chogadh Naomh. Tá sampla maith ann d'úsáid an fhocail co-fharpus mar cheann de na peacaí:


Bhí an litriú comh-fharpais le feiceáil i gcló faoin am sin le deireadh caol, mar ainmfhocal baininscneach - athrú eile ar an mbealach! - agus farpuisfarpais leis féin freisin. Is focal coitieanta anois é, mar atá le feiceáil thuas agus fud an idirlín.