10 Márta 2018

An bealach corach ó "comarbae" go "farpais"



Tá focal ag na Gáidhligeoirí nach n-aithnítear i nGaeilge. Le fírinne, tá dhá fhocal ann, co-fharpais agus farpais, ach tá an chiall chéanna acu: comórtas, mar atá le feiceáil thuas. Is focail lán-Ghaelach iad, cé nach bhfuil an stair taobh thiar díobh an-soiléir ar an gcéad amharc. Tosaíonn an scéal leis an bhfocal Sean-Ghaeilge comarbae, a chiallaíonn “heir, successor”.


Rinneadh ainmfhocal eile as, comarbus, leis an gciall “inheritance, heritage, patrimony; succession, heirship”.


Níos déanaí, shíl duine nó daoine i ré na Nua-Ghaeilge Mhoch go raibh f ann ó thús, cé go raibh sé balbh i lár comhfhocail: comhfhorbas.


Ní raibh an smaoineamh seo chomh haisteach sin, dáiríre. Tá fh balbh. Nuair a thosaíonn focal le guta uaireanta ceaptar gur thosaigh sé f  ó cheart, agus cuirtear an f ar ais. Tharla sé sin do úar na Sean-Ghaeilge, ar rinneadh fuar de, agus do úath > fuath

Céard faoin athrú séimeantach, ó “succession, heirship” go “competition”? Níl an míniú chomh deacair sin. Is minic a bhíonn coimhlint agus easaontas ann nuair atá oidhreacht agus comharbas i gceist.

Foilsíodh aistriúchán Gáidhlig de The Pilgrim's Progress le John Bunyan in Albain sa bhliain 1840 faoin teideal Eachdraidh Fhìrinneach mu'n Chogadh Naomh. Tá sampla maith ann d'úsáid an fhocail co-fharpus mar cheann de na peacaí:


Bhí an litriú comh-fharpais le feiceáil i gcló faoin am sin le deireadh caol, mar ainmfhocal baininscneach - athrú eile ar an mbealach! - agus farpuisfarpais leis féin freisin. Is focal coitieanta anois é, mar atá le feiceáil thuas agus fud an idirlín.

No comments:

Post a Comment