caithréim, f. 3. (Of speech) Flourish; ‘run’ in story-telling. [Foclóir Gaeilge-Béarla]
Is i scéalta ón mbéaloideas a chuir mé aithne ar an gcaithréim den chéad uair. Más maith mo chuimhne is ag léamh sean-eagrán den scéal An Lacha Dhearg a bhí mé nuair a chuaigh caithréim amháin i bhfeidhm go mór ormr. Bhí beirt ag troid, agus ag troid, go dtí go ndearna siad "cruán den bhogán agus bogán den chruán."
Tá leaganacha eile den chraithréim seo ann agus is léir ón méid a d'úsáidtí í gur thaitin sí go mór leis na scéalaithe. Bhí an an leagan seo ag an seanchaí Seán Ó Domhaill:
Chasgair siad a chéile aníos agus síos, anuas agus suas, aniar agus siar, anoir agus soir, go dtearn siad creagán den bhogán agus bogán den chreagán.
Bhí gliondar orm nuair a casadh an caithréim chéanna orm arís i leabhar nua a foilsíodh i mbliana:
Rinne na laochra sin bogán den chruán nó gur scoilt glasleacracha na talún futhú le méid a gcuid mire.
An leabhar atá i gceist agam ná Conaire Mór: Seacht nDoras na Cinniúna le Diarmuid Johnson, athinsint ar scéal ó ré na Sean-Ghaeilge, tragóid atá inchurtha le Macbeth Shakespeare. Cé go bhfuil na carachtair agus na himeachtaí céanna againn sa leagan nuachumtha seo, tá Johnson tar éis insint úrnua a thabhairt dúinn, insint a gheofá ó úrscéalaí na haoise seo a bhí ina sheanchaí oilte dhá chéad bliana ó shin.
Mar is gnách don seanchaí, tá uaim go leor againn in Conaire Mór:
Ní dhearn Ingéal Caoch ach gáire tur tirim gan taise.
Tá intriachtaí a théann i bhfad siar:
Dar déithe na tuaithe!
Agus tá neart caithréimeanna lán le háibhéil álainn:
Thug siad ruaig siar [i mbád] i dtreo na hÉireann a chuir an cúr go tóin na farraige agus an gaineamh buí go barr na toinne.
San am céanna, tá scéal eachtrúil againn a bhogann chun tosaigh go sciobtha agus a chríochnaíonn go sásúil ar leathanach a nocha.
An suimiúil! Agus áisiúil i dtroid !
ReplyDelete