13 Feabhra 2016

ortha grá



Seo ortha grá ón lámhscríbhinn 72.1.2, f. 33r i Leabharlann Náisiúnta na hAlba. 

Mo thras-scríobh: 


Ataid annso 4 litreacha agus gibe scribhus an slait iad agus in be
an do bualadh di agus carfaidh si thu .i. ioch. ceh. heo. non

Is cosúil nach bhfuil le déanamh agat ach na litreacha ioch ceh heo non a scríobhadh ar shlat agus bean a bhualadh léi agus tabharfaidh sí grá duit!  Maidir leis na litreacha, tá mé dall orthu.  An féidir gur litreacha oghaim atá i gceist?


2 comments:

  1. Feicim ar Google go bhfuil cheit, hei, agus nun mar ainmneacha ar litreacha Eabhracha.

    ReplyDelete