Tá cúnamh ag teastáil uaim leis an ortha seo!
Tá ortha ag bun an leathanaigh 129v sa LS 72.1.2 in Leabharlann Náisiúnta na hAlba. Deir an cuntas catalóige gurb é atá ann ná "charm to protect the vulva, beg. Bir Bran ar leor meor."
Tá an chéad chuid dá bhfuil scríofa sách éasca a léamh:
bir * bran * ar * leor * meor* Scríb so an slait caotrainn 7 cuir fo cosib mna 7 ni fathar banndacht …
Níl mé cinnte ach is dóigh liom gur leagan malartach de "faightear" is ea "fathar".
Ach maidir leis an gcuid eile de, ní féidir liom bun nó barr a dhéanamh de:
Géarchúis ghoile ghéar
6 hours ago
Shamlóinn gur cinéal Hocus pocus atá i gceist leis na focail atá le scríobh ar slat caorthainn agus cuir faoi chosa mnaoi.
ReplyDeletehttp://edil.qub.ac.uk/5337
ML fathar féach:
http://edil.qub.ac.uk/21366
Meas tú an nífear a bandacht atá i gceist?