12 Feabhra 2015

Asbury Black


Cúpla lá ó shin d'oscail mé sean-albam grianghrafanna a bhí i dtaisce i gcófra san íoslach. Fuair mé pictiúir de mo shinsir ar thaobh mo mháthar ann, daoine a bhí beo sa naoú haois déag. Is dóigh liom gur cheart dom cuid de na grianghrafanna seo a fhoilsiú anseo le go mbeidh siad ar fáil ar an idirlíon dóibh siúd a bhfuil suim acu i sloinnteoireacht (genealogy).



Asbury Black an t-ainm atá ar an duine uasal seo. Mo shin-sin-seanathair atá ann. Duine de shliocht na Scotch-Irish a bhí ann. Fuair mé an t-eolas seo a leanas faoi ar an idirlíon:


Seo í a bhean chéile, Rebecca Black (née Dayhuff). Duine de shliocht na bPennsylvania Dutch a bhí innti.



Seo é Aaron Moses Black, mac Asbury agus Rebecca, mo shin-seanathair:



Seo é mac eile dá gcuid, John W. Black:



Seo í bean chéile Aaron Moses Black, Mary Catherine Black (née Krichbaum). Duine eile de shliocht na bPennsylvania Dutch a bhí inti.


Tá níos mó mar seo agam.

If anyone would like to contact me regarding this family, please leave a note here.

8 comments:

  1. Ana spéisiúil.
    Chnuasaigh mo mháthair grianghraif mar iad ar dhá thaobh an teaghlaigh. Tá cóipeanna agam maille roinnt ó chlann mo nuachair. Is breá an rud taifid ar cé dár dhíobh thú!

    Caithfidh mé a rá go bhfuil cuma mós Gearmánach ar Rebecca Dayhuff!

    ReplyDelete
  2. Is ionann Pennsylvania Dutch (<Deutsch) agus Gearmánach, agus is ionann Scotch-Irish agus Ulster Scots. Is téarmaí Meiriceánacha iad seo.

    ReplyDelete
  3. Ach is féidir gur muintir Huguenot a tháinig ó Chúige Uladh a bhí sna Dayhuffs (= Deahof / Dehof / Dehoff / Dehuff) atá i gceist anseo.

    ReplyDelete
  4. Chuaigh mé ar líne tráthnóna inniu agus fuair mé amach gur tháinig muintir Dayhuff ó Flombom bei Alzey sa Rheinland-Pfalz, ó fhear darbh ainm Jann DeHoff a rugadh ansin ca. 1640.

    ReplyDelete
  5. Tuigim na lipéid!
    An gaolta leat a rinne an taighde nó daoine a bhfuil spéis acu ann mar chaitheamh aimsire?

    ReplyDelete
  6. Fuair mé an méid sin ar an idirlíon. Tá lear mór daoine ann a dhéanann an taighde agus cuireann siad beagnach chuile rud ar fáil ar líne. Éasca.

    ReplyDelete
  7. Aaron Moses....ainmneacha Eabhracha. An raibh siaghs toighis ag an am d'ainmneacha Eabhracha ? Tá inniú, ach bhí an saol i bhfad ní ba theoranta fadó.

    ReplyDelete
  8. Ainmneacha bíobalta. Ní théann a leithéidí as faisean!

    ReplyDelete