19 Samhain 2014

Tá meadar uaim!


Seo meadar: 


Seo ceann eile, a rinneadh as giúis phortaigh ca. 1900 faoi anáil Ghluaiseacht na nEalaíona agus na Ceardaíochta:


Tugtar “mether” air i mBéarla. Bhí siad in úsáid in Éirinn ar feadh i bhfad, ón Meánaois, nó níos luaithe, anuas. “Metur / metar / medar” a bhí air sa Mheán-Ghaeilge. Is cosúil gur tháinig an focal sin ó metrum na Laidine, sa chiall “cupán tomhais”. Rinneadh as adhmad iad, fearnóg nó saileach go minic.

Is breá liom an scéilín seo leanas, faoi Lord Townsend agus na meadracha móra a thug sé leis abhaile ó Éirinn, agus an bob a bhuaileadh sé ar a chuid cairde ag a chóisirí dinnéir, agus an méid seo go háirithe:  “if an Irishman chanced to be present, called upon him to teach the Saxons the mether drill.”



Tá meadar uaimse anois le go mbeidh deis agam an mether drill a mhúineadh do mo chuid cairde!

Dála an scéil, is meadar mhór théagartha é an MacCarthy Cup.


6 comments:

  1. Tá ceann uaim féin anois freisin! Ní fhacas a leithéid roimhe, go bhfios dom. Cén mhéid a bhí iontu? An mbídís chomh mór leis an gcorn breá úd iomána? An t-aon mheadar a bhí ar eolas agam roimhe seo ná an chuinneog. . .

    ReplyDelete
  2. Féach an t-alt seo ar dtús: http://www.museum.ie/en/list/documentationdiscoveries.aspx?article=1e2c510b-953c-49ac-b50c-0afa525803c2

    ReplyDelete
  3. GRMA faoin alt--déanfaidh mé iarracht cuair a thabhairt orthu an chéad uair dom sa Músaem Seandálaíochta.

    ReplyDelete
  4. Rith sé liom go mbeadh potaire maith in ann meadar a dhéanamh as cré gan dua. Ag smaoineamh ar cheann a choimisiúnú. Tá aithne ag mo dheirfiúr ar dhuine a bheadh in ann dó.

    ReplyDelete
  5. Cuir ar do liosta Nollag é!

    ReplyDelete
  6. Beidh orm potaire eile a fháil. Tá James tar éis an cheird a thréigean. Is ag substitute-mhúinteoireacht atá sé anois le harán a chur ar an mbord.
    :-/

    ReplyDelete