06 Samhain 2014

Mise agus Pangur Bán



Ní Pangur Bán a bhí ar an gcat seo áfach. Singsong a bhaist mé air, más fíor do sheanchas mo thuismitheoirí. Tuairim is trí bliana d'aois a bhí mé ag an am sin, nach ndéarfá?

5 comments:

  1. Chomh hóg leis sin? Bhí tú breá ard mar sin!

    ReplyDelete
  2. Ceithre, meas tú? Níl a fhios agam dáiríre

    ReplyDelete
  3. Tá an cat beagnach chomh mór leat féin!

    Mar a scríobh mé thall ar Twitter, a Dennis, bhí cat bán againn féin fadó...Snowball an t-ainm a bhíodh uirthi, agus mhair sí go dtí go raibh sí ceithre bliana déag d'aois...bhí mé croí briste nuair a fuair sí bás..:-(

    ReplyDelete
  4. Ceithre bliana d'aois, déarfainn, ach cailleann tú an "saineolas" maidir le haois páiste nuair a bhíonn do pháistí féin fásta suas, nó geall leis.

    Bhí cat againne nuair a bhí mé an-óg. Is ar imeall mo chuimhne atá sé anois ach Minx ab ainm dó (nó di).

    ReplyDelete
  5. Nach álainn an pictiúr atá ann! An scoláire óg lena Phangur Bán. :) Sea, cheithre bliana, sin í mo thuairimse chomh maith.

    ReplyDelete