02 Samhain 2014

Ar chóir duit a bheith i do chrann ard?


Seo crann ard, crónghiúis i gCalifornia le bheith beacht.



Agus seo a bhfuil le rá ag téacs in Leabhar Buí Leacáin faoi chrann ard.


Armad ard in crand is móide co mór benaid na gaetha fris.

I nGaeilge an lae inniu: Dá airde an crann is ea is mó go mór a bhuaileann na gaoithe é.

Chuir sin nath Seapánach i gcuimhne dom:

出る釘は打たれる
Buailtear síos an tairne a ghobann aníos.

Is léir ón téacs thuas, tráchtas crábhaidh dar teideal Tegasc Rig Solmain meic David, gur rabhadh a bhí ann, ar nós an natha i Seapáinis. 

I ndánta saolta, áfach, bhaintí úsáid mholtach as an íomhá chéanna. “Rop éo uasind fhid” (crann iúir os cionn na coille a bhí ann) a scríobh file amháin faoina phátrún marbh, agus “crann os gach coill craobh” a scríobh file eile. Íomhá laochúil atá againn anseo. Seo fear ard diongbháilte a sheasann an fód.  Is minic a bhain na Sean-Ghaeil úsáid mheafarach as focail eile cosúil leis sin: clí, columna, tuir, úaithne, focail leis an gciall piléar, colún, cuaille.

5 comments:

  1. Is cuimhin liom scéal a d'aithris CS Lewis ó fhoinse Gréagach; Aintiarna ag lorg comhairle ó aintiarna eile. Thug an aintiarna an teachtaire chuig gort eorna, agus shiúl tríd, ag baint an bharr d'aon gas a ghob anuas ón slua.

    Ceist dearcadh an bagairt nó moladh crann ós coill!

    ReplyDelete
  2. laoch i nÉirinn, bagairt don ord sóisialta sa Seapáin?

    ReplyDelete
  3. "Es steht ein Mann, ein Mann,!
    so fest wie eine Eiche!!"

    Cérbh iad a bhí "chomh diongbháilte le dair"?

    1. Sa bhliain 1914 saighdiúirí impiriúla na Gearmáine.
    2. Sa bhliain 1919 na sóisialaigh Ghearmánacha.
    3. Sa bhliain 1930 an Sturmabteilung (SA) na Naitsithe.

    Ní féidir a rá nach bhfuil na crainn arda ilchuspóireach!

    ReplyDelete
  4. Abairt eile as an téacs céanna:

    Na slebti ro arda is a n-uall beraid soignen [n]a tendtigi friu.

    Ná sléibhte ró-arda, is a n-uaill a bheireann saighneán na tintrí chucu.

    ReplyDelete