05 Deireadh Fómhair 2014

folcadh



fothrucad

Is é seo an focal Sean-Ghaeilge ar “folcadh.” Tá iontráil dó in Sanas Cormaic, an foclóir sanasaíochta a cuireadh le chéile ca. 900 AD. Tugann Cormac cúpla míniú ar an bhfocal dúinn. Is fearr liom an chéad cheann, bíodh is nach bhfuil aon bhaint aige le fíorstair an fhocail:

597. Fothrucad quasi othrucad, ar is d'othraib .i. d'oes lobair is mencem.

Fothrucad quasi othrucad, oir is do othair, i.e. do aos lobhair (do dhaoine easlána) is minice.

I bhfocail eile, bhí baint ag folcadh le tinneas nó le galar in intinn an tsanaseolaí seo. 

3 comments:

  1. Nach bhfuil sin ag teacht salach ar nósanna na nGael? Shíl mé cáil a bheith orthu as folcadh a ghlacadh go minic, agus a leithéid a bheith riachtanach i mbrú.

    ReplyDelete
  2. Is dócha nach raibh folcadán ag chuile dhuine, agus nach raibh sé chomh héasca sin a lán uisce a théamh. Ach dá mbeadh duine tinn, bheadh ceart aige ar fholcadh. B'fhéidir gur mar sin a bhí sé.

    ReplyDelete
  3. This comment has been removed by a blog administrator.

    ReplyDelete