16 Deireadh Fómhair 2014

An Bronntanas


Fuair mé bronntanas beag an lá cheana, réamhamharc ar an gcéad eipeasóid de shraith nua teilifíse a thosóidh ar TG4 i gceann seachtaine. Scéinséir atá ann. Tá bás le hadhairt againn sa chéad nóiméad, ach is bás anabaí a thagann go luath ina dhiaidh sin. 

An Bronntanas is ainm don dráma seo. Ainm báid, sa chás seo. Ní bhíonn chuile bhronntanas go maith don duine a fhaigheann é.


Dara Devaney mar JJ

Níl ach 1/5 den dráma feicthe agam. Céard a tharlóidh do JJ anois? Cibé, beidh sé … mmm … suimiúil!

13 comments:

  1. Dála an scéil, tá scannán déanta as chomh maith. Bhí deis agam é a fheiceáil cupla seachtain ó shin agus cheap mé go raibh sé thar barr! Cé gur scéal sách gruama atá ann, tá greann ag baint leis freisin, maidir leis na carachtair, leis an léargas a thugtar ar an nGaeltacht srl. Ach stopfaidh mé anseo ... :) Bain sult as an tsraith!

    ReplyDelete
  2. @Indrek - Sea, chuala mé go mbeidh an scannán san iomaíocht don Foreign Language Oscar.

    ReplyDelete
  3. @Dubhaltach Tá tú ann fós!! Tá áthas orm cloisteáil uait.

    Thaitin an chéad eipeasóid liom mar a thaitin an chéad eipeasóid de Breaking Bad liom. Ach d'éirigh mé as BB a leanúint tar éis cúpla eipeasóid eile, toisc nach maith liom an méid sin foréigin, etc. Rud pearsanta é sin. D'éirigh go geal le BB, mar sin féin, agus is dóigh liom go n-éireoidh go hiontach le "An Bronntanas".

    ReplyDelete
  4. @Dubhaltach - Ar smaoinigh tú riamh ar chuntas Twitter a fháil? Tá neart gaeilgeoireacht ar siúl ansin.

    ReplyDelete
  5. Tá súil go mbeidh rath ar an scannán agus é ar a chamchuairt ar fud na cruinne. Seans go mbeidh sé le feiceáil i gcathracha éagsúla i Meireacá roimh theacht na nOscars.

    ReplyDelete
  6. Ann i gconaí a chara, ach ciúin. Cosúil leis an manach.

    ReplyDelete
  7. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  8. A Dennis, is as an Eastóin ó dhúchas mé, ach tá cónaí orm i Lucsamburg le deich mbliana anuas. Bíonn Féile Scannáin na Breataine agus na hÉireann ar siúl anseo chuile bhliain agus is ann a chonaic mé An Bronntanas.

    ReplyDelete
  9. @Indrek Cá bhfuil tú "i do chónaí" ar an idirlíon? Twitter? Níl mé ar FB. Tá cara liom atá ina chónaí i dTallinn. Silver is ainm dó. Tá do chuid Gaeilge go hálainn!

    ReplyDelete
  10. Á, tuigim anois! :) Duine "gan dídean" mé ar an idirlíon, is é sin le rá, níl mé ar Twitter ná ar FB ná ar aon rud. Bhí mé ar Ghaeilge-A tráth. Anois tá mé ag glacadh páirt sa bhFóram Daltaí agus corruair fágaim teachtaireacht nó dhó ar bhlaganna Gaeilge. Is as Tallinn mé féin chomh maith, ach faraor, níl aithne agam ar Silver, cathair mhór atá innti. :)

    ReplyDelete
  11. Nach mór an feall é do chuid Gaeilge a cheilt orainn?

    Nuair a bhí Silver san ollscoil i Seattle ar feadh bliana chuir sé an-suim sa bhranda Quiksilver (éadaí)! Níor chuala mé an t-ainm sin roimhe. Shíl mé ar dtús gur leasainm a bhí ann. Silver Pramann atá i gceist. Gheobhaidh tú ar Google é. Shíl mé ar dtús, nuair a chonaic mé é den chéad uair, gur Rúiseach a bhí ann. Tá a chuid sibs ar fad fionn, áfach.

    ReplyDelete