26 Deireadh Fómhair 2014

an bia is oiriúnaí do Lá Samhna


Seo iad na bianna is cuí ag an am seo bliana, de réir an rainn seo ón sean-am.

Carna, cuirm, cnóimes, cadla, 
it é ada na samna; 
tendal ar cnuc co n-grinde, 
bláthach, brechtán úrimme.


Feoil, beoir, cnónna, ispíní,
iad is oirinúnaí Lá Samhna; 
tine ar chnoc le grinne*, 
bláthach, cnapán úr-ime.

* Tá an focal “grinne” againn fós san fhoclóir. Tá dhá chiall leis, mar atá “1. brosna; 2. grúpa daoine, buíon”. Bheadh ceachtar acu oiriúnach sa chomhthéacs seo. 

An bhfuil oideas ag éinne a bhfuil na comhábhair uilig sin ann? Nó céard faoi friochtán d'ispíní a bhfuil cnónna iontu, arán déanta le bláthach is im, agus beoir mar dheoch?


9 comments:

  1. An focal ‘cadla’, focal nár bhuail mé leis cheana, ach tá macalla ann don fhocal ‘coddle’ a bhí ag mo mháthair agus ag gach fíor-Dub roimh theach i láthair don ‘Tíogar’.
    “Coddle”: cineál anraith/stobhach a mbíonn ispíní, prátaí agus oinniúin, bainne agus ruipleoga, cairéid agus meacain bhána le braith iontu.

    ReplyDelete
  2. Is ionann "cadla" agus an stéig bheag. Ach is dóigh liom gur ispíní atá i gceist.

    ReplyDelete
  3. Nach spéisiúil an scéal é sin! Sa lá atá inniu ann, is dóigh gurb iad na puimcíní an bia is mó a bhíonn tóir orthu faoin am seo den bhliain... :)

    ReplyDelete
  4. Tagann "carna" ón Laidin, is dóigh liom. Cé leis an bhfuil an focal "cuirm" gaolta, an "cúr" a bhíonn ar bharr na beorach, b'fhéidir?
    ;)

    ReplyDelete
  5. Indrek - Cheannaigh mé pióg puimcín inné!

    ReplyDelete
  6. Ormondo - Is focal ársa Ceilteach é "cuirm", "curmi" i nGallais (Gaulish).

    ReplyDelete
  7. an ceart ag Seán ó - 'coddle' an bia is mó a oireann don oideas seo - gach rud istigh ann, ma chuirtear cnónna sna hispíní.

    ReplyDelete
  8. An cheist sin ag Dennis, chuir sí ag machnamh mé cé mar a bhainfinn leas as chuile rud ar an liosta:
    Más ar bharr cnoic dúinn istoíche, bheadh gá le tine agus breosla le cur uirthi. Agus bheadh daoine ann nach n-ólann alcól. Sin lucht na bláthaí. Agus muid bailithe timpeall na tine bheadh gas úr adhmaid ag chuile dhuine agus is sáite pollta air a bheadh giotaí feola agus ispíní chun iad a róstadh ar an tine. Ar ndóigh, bheidís ann a bheadh ciotach amscaí sa treo go ndóidís a méara. Níl cóir is fearr ná bealadh úr-ime a chur ar na créachta. Agus na cnónna? Bheidís i mbabhla a chuirfí ó lámh go lámh timpeall an chiorcail go mbeidís ídithe.

    ReplyDelete
  9. Is pictiúr álainn é sin. Ach cogar, ós rud é go bhfuil suim agat i gceiríní, an fíor gur leigheas ar an dó é an t-im? Shíl mé nach raibh ann ach comhrá cailleach.

    ReplyDelete