30 Bealtaine 2014

Cé hiad na Ceiltigh?


Cé hiad na Ceiltigh? Tá míniú ann a thosaigh le Julius Caesar, a d'fhobair Kuno Meyer, agus ar chuir Kim McCone an dlaoi mhullaigh air. Sliocht Dhia na Marbh is ea na Ceiltigh. 

Is faoin fhocal Κελτοί / Celtae / Celts atá mé ag caint, ar ndóigh, agus is míniú sanasaíochta atá i gceist agam.

Tosaímis le Caesar. Dúirt sé ina chuntas ar Chogadh na nGall, De Bello Gallico

Galli se omnes ab Dite patre prognatos praedicant.
Maíonn na Gallaigh uile gur shíolraigh siad ó Dis Pater.


B'ionann Dis Pater agus Pluto, dia an domhain thíos i gcreideamh na Rómhánach agus na nGréagach. Ba ghnách le Caesar ainmneacha Rómhánacha a chur ar dhéithe na nGallach. Ach cén t-ainm a bhí ar an dia seo ina theanga féin? Is dóigh le McCone go bhfuil an freagra aige: *Kḷtos.

Ciallaíonn Kḷtos “an té ceilte”. Tháinig sé, más fíor, ón bhfréamh Ind-Eorpach *kel- (clúdaigh, ceil). Tháinig na focail cell, helmet, hall, hell ón bhfréamh chéanna, chomh maith leis an mbriathar Gaeilge “ceil”. Má thosaíonn muid leis an ainm Kḷtos, is féidir ainm eile, Keltos, a dhíorthú uaidh go rialta agus gan dua trí athrú Ind-Eorpach darb ainm vṛddhi. An chiall a bheadh le Keltos ná “duine atá bainteach leis an té ceilte, nó duine dá shliocht”.

Cé hiad na Ceiltigh? Is iad, ó thaobh na teangeolaíochta de, The Offspring of the Hidden One. Is dócha, mar a tharlaíonn go minic sna cúrsaí seo, nach Kḷtos fíorainm an dé shinsearaigh seo, ach buafhocal nó epithet a tugadh dó toisc go raibh a ainm féin ró-naofa nó ró-chumhachtach.

Maidir le buafhocail, bhí ceann eile ag Kḷtos i measc na nGael, dar le Kuno Meyer, mar atá Donn, “an té dorcha”, atá nó a bhí ina chónaí ar oileán beag amach ó chósta Chiarraí darb ainm Teach Duinn, cé gur Bull Rock nó An Tarbh a thugtar air níos minice inniu. Dia na marbh ab ea Donn. Deir Donn i ndán ó 9ú haois:

Cucum dom thig tíssaid uili íar bar n-écaib!
Chugam, do mo theach, ba cheart daoibh uilig a theacht tar éis bhur mbáis!

Teach Duinn

Má tá tuilleadh spéis agat san scéal seo, molaim an t-alt seo le John Carey, Donn, Amairgen, Íth and the Prehistory of Irish Pseudohistory