14 Márta 2014

féith fia


Tá ainm againn i litríocht na Gaeilge ar an gclóca úd a bhí ag Harry Potter len é a dhéanamh dofheicthe. Deir an Harry Potter Wiki gur “magical garment which renders whatever it covers unseeable” atá ann. An t-ainm atá air i nGaeilge ná féth fíada. Nó féth fíad, féth fía, fía féth, fégh fía, féth fiadha, féidh fiadh. Bhí a lán lán litrithe air. Is deacair ceann acu a roghnú thar a chéile toisc nach bhfuil sanasaíocht na bhfocal soiléir ar chor ar bith. Deir DIL gur “magic mist, veil” é, nó “a disguise that rendered the wearer unknown or invisible”.


Creidim go léireoidh cúpla sliocht as an litríocht céard a bhí i gceist. Sa leagan Stowe den Táin, deir Cú Chulainn le Fear Dia:

“Uair dá ttaisbentar in féth fiadha aoinfecht do nech do macaibh Miledh, nocha bia gabail re diamair no re draidecht ic nech do Tuathaibh De Danann.”

“Má thaispeántar an féth fiadha fiú is uair amháin do dhuine de mhic Mile (.i. an cine daonna), ní bheidh aon duine de Thuatha Dé Danann in ann é a úsáid chun draíochta nó diamhaire.”

In Acallamh na Seanórach, deir Caoilte faoi eachtra a tharla dóibh:

“Ro eirig fia fiad umaind conar leir sind.”

“D'éirigh fia fiad umainn ionas nár léir sinn.”


ro eirig fia fiad


umaind conar leir sind ⁊

Sa scéal Altram Tige Dá Medar deirtear faoi na bronntanais a thug Manannan do Thuatha Dé Danann: 

…do orduigh Manannan doibh adhbhba dileas gacha deighfir ⁊ dorinneadh in feth fiadha […] .i. in feth fiadha tar nach faici na flaithi…

Bhí an téarma in úsáid fós i ré na Nua-Ghaeilge, mar is léir an rann seo sa chnuasach Dánta Grádha, cé gur dócha gur úsáid mheafarach atá ann:

Bhar bhfé fia ní feirrde dhuit,
aithnim thú d'aimhdheóin h'iomlait ;
a bhradaire, ná mill mé ;
fill, a ghadaighe an gháire.


Ach, in ainneoin an méid sin uilig, is cosúil nach bhfuil an téarma beo níos mó. Ní féidir liom é a fháil in FGB, mar sin níl a fhios agam cén litriú caighdeánach a bheadh air!

6 comments:

  1. Tá sé seo ag an Duinníneach:

    Féaṫ, m., aspect; deıġ-ḟ., a goodly appearance; droıċ-ḟ., an evil look; aınḟ., a depressed or worn look; f. galaır, appearance of ill-health; deriv. féaṫán, a poor aspect.

    Agus cf.:

    , a., evil (early); al. in phrs. spıde f., fíge f.

    …Agus níl sé seo neamhchosúil ar fad leis:

    Fíge fí, m., a trifle; ní’l ann aċt f. f., it is nothing (M.); ċuırfeaḋ an fíge fí eagla aır, it would take but little to frighten him; al. fíge fíge.

    ReplyDelete
  2. Nach bhfuil baint aige seo leis na scéalta ina ndéantar fia de Naomh Pádriag le go n-éalóidh sé óna naimhde?

    ReplyDelete
  3. Níl fhios agam an bhuil seo bainteach leis, ach is focal coiteanta “fiamh-ghàire” i nGaeilge na hAlban. Tá sé ag MacBain: Fiamh ghàire, fèath ghàire (Argyle), a slight smile, is in Irish fáethadh an gháire, appearance of a smile, Early Irish féth, aspect.

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agaibh as na freagraí. Seo an méid a dúirt David Stifter liom faoi seo inné:

    “the fact that it is attested only in latish sources, and the possibility of semantic shifts make it hard to get to the etymological bottom of this expression.”

    ReplyDelete
  5. ??féth (healthy) appearance, fiadha of a wild animal ???

    ReplyDelete
  6. níl sraith Harry Potter léite agam as Gaeilge. Cén leagan a thug siad air seo sna leabhair? cibe leagan, go maire an sraith - tá glún nua meallta acu i dtreo na léitheoireachta!

    ReplyDelete