16 Feabhra 2014

féinmhagadh & scigaithris


Tá téis agam. Uaireanta tig le mionlach bá an phobail a chothú trí scigaithris agus féinmhagadh. Is mithid dúinn triail a bhaint as. Mar shampla agus mar thosú:

Deirtear go bhfuil ár dteanga marbh. Óicé.


Is teanga mharbh í a bhfuil siúl na gcos aici fós. Fainic! Tá na Gaeilgeoirí ag teacht!


Deirtear nach bhfuil ach scata beag againn ann. Óicé.


Níl ach ceathrar déag againn ann dáiríre.
Is faoi rún a rialaíonn muid
an domhann go léir!


4 comments:

  1. Is maith liom móitíf sin na gcorpán beo. Cuireann sí aiste Nuala Ní Dhomhnaill i gcuimhne dom:"The corpse that sits up and talks back"; téama coitianta, ar ndóigh, sa mbéaloideas.

    ReplyDelete
  2. Sin smaoineamh don gcéad agóid eile cinnte! Ní fhaca ach corpán amháin ag siúl ar an Satharn.

    ReplyDelete
  3. @gasúir Tá cóip den alt sin agam fós!
    :-)

    ReplyDelete