13 Nollaig 2013

An Bhís (dán eile)




Éirí na gréine 
agus a luí. 

Tá dhá ghiall 
na bíse 
ag teannadh 
fós arís.

Dúluachair 
na bliana.

3 comments:

  1. Ag teannadh go deimhin ach beidh tóin an ghleanna curtha dínn arís ar ball beag. Ar aon nós, is gile an aimsir abhus i mbliana le hais na bliana atá thart.

    ReplyDelete
  2. Arra, bíodh misneach agat. Tá an Griansatad/Nollaig ag teacht. Táimse ar bís leis?.

    Dán deas.

    ReplyDelete