13 Deireadh Fómhair 2013

seilidí arís


Bhí seilide sa bhlagmhír roimpi seo. Tá sé chomh maith agam leanúint leis an ngastrapód.



Seo againn ridire ag troid le seilide.



Agus seo againn an rud céanna arís.

Mar is léir, maisíonn an dá phictiúr seo lámhscríbhinní ón meánaois. Is cosúil nach raibh an mhóitíf seo neamhchoitianta ag an am, dar leis an mblagmhír seo ón mBritish Library. Tá pictiúir eile mar seo le feiceáil ansin. Níos aistí fós ná na pictiúir iad féin, níl a fhios ag aon duine le cinnteacht an fáth a bhfuil siad ann. Cén scéal nó stair nó seanrá atá taobh thiar de na troideanna seo? Mistéir.

Thart faoin am céanna a chonaic mé na pictiúir thuas, chonaic mé an cartún seo a leanas ar an New Yorker. John Klossner a tharraing é. Cuid den cartoon contest a bhíonn ar siúl acu gach seachtain atá ann. Tugtar duais don duine a sholáthraíonn an caption is fearr. 


Chuir an fhoscríbhinn a bhuaigh an comórtas sceitimíní orm nuair a chonaic mé í an chéad seachtain eile:

“I see you are unfamiliar with French mythology.”

11 comments:

  1. Glic cinnte.

    Ní heol dom aon scéal faoi seilide; ach caithfidh go bhfuil a leithéid ann leis an móitíf a mhíniú. Siombail do dhuáilce éigin? Falsacht? Aon nod san téacs thart air?

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  3. Caption gaelach (?)...."Bia duit, bia is mire duit !"....

    ReplyDelete
  4. Tá an méid seo i Lexicon der Symbole, Diedrichs 1971:

    Ar uaigh Chríostaí, siombail don aiséirí de bhrí go réabann sí clúdach a teach san Earrach, siombail freisin don Óghacht.

    Ach ní mhíníonn sin an méid thuas!

    ReplyDelete
  5. Ní fhéadfá a rá go bhfuil cáil laochúil ar sheilide. An é go gcreidtí gurbh iompróir galair iad nó rud den chineál sin?

    ReplyDelete
  6. Déanann siad slad sa gharraí, ach is féidir iad a ithe!

    ReplyDelete
  7. http://www.beyars.com/kunstlexikon/lexikon_8834.html

    Deirtear anseo go raibh siad ina siombail ar leisce agus ar dhrúis mar go bhfuil an dá cineál iontu.féach Schnecke

    ReplyDelete
  8. Sin miniú a bhfuil dealramh na fírinne air.

    ReplyDelete
  9. Dála an scéil, seo dhuit sampla breá ealaíonta de sheilide eile agus plé mion ar an gceist -
    http://intranslation.brooklynrail.org/french/the-snail’s-gaze

    ReplyDelete