Seo íomhá nua den Triúr Manach leis an ealaíontóir JG O'Donoghue. Cliceáil uirthi, led thoil, mar tá sí níos mó ná a bhfuil le feiceáil thuas.
An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2025
2 weeks ago
An seanchas gearr, an seanchas is fearr.
nach maith iad, agus nach maith é JG! Is breá liom an pus - ceann éagsúil ar gach duine acu.
ReplyDeleteCén aois iad na manaigh dar libh? Is deacair saol mar mhanach a shamhlú agus leibhéal ard téististéaróin fós ag an bhfear...
ReplyDelete@ ormondo Cá bhfios? Níl iontu seo ach pearsana i scéal grinn.
ReplyDelete;-) Ach maidir le manaigh óga san fhíorshaol, is dócha go bhfuil antraipeolaithe tar éis a ndóigh beatha a iniúchadh, i dtíortha Búdaíocha ach go háirithe. Bheinn ag súil le cuid mhaith collaíochta ina measc.
@ Réaltán Is fíor duit!
:-)
nach raibh cead pósta (nó collaíochta) ag na sagairt Éireannacha suas go dtí an deichiú céad? ritheadh acht eaglaiseach ag cur bac le pósadh chun cosc a chur le sileadh mhaoin na heaglaise amach as lámha an chléir go dtí mná agus páistí na bhfear naofa seo? As sin a shíolraíonn mo shloinne, dúradh liom, , Leannán, agus MAc an tSagairt mar an gcéanna.
ReplyDeleteIs é sin mo thuiscint ar an scéal. Ach ní hionann sagart agus manach. Bhí siad riamh (in ainm a bheith) faoi mhóid na haontumha.
ReplyDelete