04 Eanáir 2013

éigniú agus agóidí


Ní bhainim úsáid as mo chuid Hindi minic go leor. Is fiú focail na n-agóideorí a aistriú.


Tá urraim ag teastáil uainn.
Ní chuirfidh an India suas le masla na mban.
Bean na hIndia: Urraim tuillte aici.



Tá dínit ag teastáil uainn.
Tá ceartas ag teastáil uainn.



Tabhair cothroime dár nglór.
Gearr lámha is cosa na n-éigneoirí.



Tabhair an sealán d'éigneoirí.
Ainghníomh in aghaidh na bantrachta.

6 comments:

  1. Chuala mé tráchtairí sna meáin ag tabhairt mínithe socheolaíochta ar an mbarbarthacht éadrócaireach a tharla don bhean bhocht.

    An é nach bhfeidhmíonn saorthoil an duine faoi chonníollacha dá leithéid - mar atá ganntanas ban agus drochmheas ar na mná atá ann?

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat, a Dennis. Bhí mé den bharúil gur focla mar iad a bhí ar na fógraí acu, ach is maith ann d'aistriúchán, le focla na mban a thuiscint, mar is ceart.

    Faraor, ní bheinn róchinnte go n-éisteofar leo thall, ach tá súil agam go n-éireoidh leo a gcearta a fháil, mar atá tuillte ag chuile bhean, is cuma cá bhfuil sí ina cónaí.

    Is 'drochmheas' ann féin é neamhaird a thabhairt ar 'ainghníomh in aghaidh na bantrachta' ach tá an drochmheas sin ann, mar is léir dúinn. An bhean bhocht...

    ReplyDelete
  3. Ar an drochuair, an freagra a bhíonn ag na údaráis thall go minic ná iarrachtaí a thabhairt ar na mná a dheighilt ó na fir in áiteanna poiblí, scoileanna, etc. etc. I bhfocail eile, an bhantracht a chur i bpurdah nua de shaghas éigin.

    ReplyDelete
  4. Níl dínit ag na mná san India fíu roimh a mbreith. Tá ginmhilleadh na ngirseach coitianta anois. Roimh i bhfad, beidh an iomarca d'fhir sa tír, agus ganntanas de mhná.
    Ní rud maith é sin.

    ReplyDelete
    Replies
    1. A Liz, tá an cóimheas idir fir is mná truaillithe san Ind cheana féin (suas go 2% ón gcóimheas nádúrtha) mar gheall ar ginmhilleadh & marú naíonáin cailíní

      Delete
  5. Tá ionsaí ar mhná ag gach pointe ina saol sa cheantar sin - tá go leor ceantar ina bhfuil súil le baintreach í féin a dhó nuair a fhaigheann an fear chéile bás. Ar ndóigh, is pointe eile ar an scála é ar an loit a dhéantar ar mhná go forleathan ar fud an domhain, agus ar mhí-úsáid cumhachta a fhágann aon duine - bean, páiste, fear bocht srl. - oscailte don urchóid.

    ReplyDelete