30 Eanáir 2013

bia thús an earraigh?


Fromad cach bid
Promhadh (.i. tástáil) gach bia

Tá téacs againn sa lámhscribhinn Rawlinson B 512 i Leabharlann Bodleian in Oxford a deir linn céard iad na bianna atá oiriúnach nó traidisiúnta ag na laethanta ceann ráithe, Bealtaine, Lúnasa, Samhain agus Lá Fhéile Bríde. Chuir Kuno Meyer an téacs seo in eagar é agus d'aistrigh sé é. Tá an buntéacs ar fáil anseo, agus an t-aistriúchán anseo, a bhuí leis na daoine maithe ag UCD.

Seo iad go hachomair na bianna atá i gceist:

Bealtaine: leann, meacain (.i. cairéid, srl.), meadhg milis, gruth úr

Lúnasa: torthaí agus lusanna

Samhain: feoil, leann, cnónna, ispíní / ruipleog, bláthach, im úr

Lá Fhéile Bríde (Imbolc): “tástáil gach bia in ord” agus “ionladh láimhe is coise is cinn”

Ach céard go díreach is ciall le “gach bia in ord”? Is dócha nach raibh mórán bia úr le fáil ag an am sin den bhliain. An é an chaoi gur ith siad beagán de gach rud a bhí fágtha acu? Sa téacs seo (féach thíos) is iad “Fromad cach bid bís ind urd” na focail atá scríofa.  Is dócha go bhfuair Meyer “Fromad cach bíd iar n-urd” ó LS eile. Ach níl aon athrú céille i gceist dáiríre.

Fromad cach bid bís ind urd 
issed dlegar iar n-imbulc.
diunnach laime is coisi is cind
is amlaid sin atberim. A.

23 Eanáir 2013

Mairg... leagan eile


Scríobh mé blagmhír faoin rann seo cúpla bliain ó shin. B'fhéidir gur mhaith leat súil a chaitheamh ar an  leagan sin ar dtús. Tá cuma chearnach righin ar na litreacha sa leagan sin, agus tá na focail réasúnta deacair a léamh dá bhrí sin. Sa chás seo thíos, ar an láimh eile, bhreac an scríobhaí (duine eile atá ann) an rann síos go sciobtha ina ghnáth-scríbhneoireacht reathach, mar nóta imill ag bun an leathanaigh (4r) sa lámhscríbhinn 23 P 26 (ARÉ / RIA).

Mairg cuinges ni ar a charuid

muna loinn leis a tabhairt

is e dede nos bia de

miscais ⁊ oibire

Tá an litriú agus cuid de na focail sa leagan seo éagsúil leis an leagan ar an leathanach eile, ach tá an chiall chéanna leis an iomlán sa dá chás. Níl ceachtar acu sothuige ar fad i nGaeilge an lae inniu, áfach. Seo athinsint ar na línte thuas mar mhíniú:

Mairg (don té a) chuingeas (= a iarrann; cf. athchuinge > achainí) ní ar a chara

muna (mura) lainn/loinn (= fonnmhar)  leis (é) a thabhairt

is é déidhe (= dhá rud) nos·bia (= a bheas) de

mioscais agus oirbhire (= focal feargach, mallacht).

04 Eanáir 2013

éigniú agus agóidí


Ní bhainim úsáid as mo chuid Hindi minic go leor. Is fiú focail na n-agóideorí a aistriú.


Tá urraim ag teastáil uainn.
Ní chuirfidh an India suas le masla na mban.
Bean na hIndia: Urraim tuillte aici.



Tá dínit ag teastáil uainn.
Tá ceartas ag teastáil uainn.



Tabhair cothroime dár nglór.
Gearr lámha is cosa na n-éigneoirí.



Tabhair an sealán d'éigneoirí.
Ainghníomh in aghaidh na bantrachta.