14 Nollaig 2012

papadzules


Post amháin eile ar bhia na Maya roimh an Lá Mór (21 Nollaig)!


Na comhábhair: pepitas (síolta puimcín), epazote (luibh), uibheacha cruabhruite, trátaí, chile, salann, ola, oinniún (an t-aon rud san oideas seo nach bhfuil réamh-Cholambach) agus tortillas de maiz.


na papadzules críochnaithe


ar an mbord le sailéad

5 comments:

  1. B'fhéidir go bhfuilim rud beag dúr: ach cén chaoi a réitítear an oideas seo?

    ReplyDelete
  2. Fiuch an epazote in uisce le salann: 5 noiméad. Bain an luibh as.
    Tóstáil na síolta i bpanna, ach ná donnaigh iad.
    Déan salsa “pipian” sa chumascóir as na síolta & an t-uisce.
    Déan salsa eile sa chumascóir as cúpla tráta bruite nó gríosctha, chile, salann, agus 1/2 oinniún friochta in ola.
    Clúdaigh dhá thaobh gach tortilla le salsa pipian. Roll iad le cúpla spúnóg de na huibheacha cruabhruite & mionghearrtha iontu.
    Cuir níos mó pipian agus an salsa roja orthu.
    Téigh san oigheann iad más gá.

    ReplyDelete
  3. De nada. Níl a fhios agam, áfach, an mbeadh epazote úr le fáil sa gheimhreadh in Éirinn. Bhí an t-ádh dearg orm é a fháil anseo. Fásann sé i bpota ar an deic anseo sa samhradh gan dua dá laghad, ach bíonn sé ina shuan sna míonna fuara.

    ReplyDelete
  4. Ná agamsa! Ach is dócha go bhfuil rud éigin a d'fheadfaí cur ina áit.

    ReplyDelete
  5. Níl mé cinnte. Tá an blas atá epazote an-éagsúil leis na gnáthluibheanna a úsáidtear san Eoraip. Is féidir go mbeifeá in ann peirsil a úsáid ina áit.

    ReplyDelete