03 Nollaig 2012

niocstamalú agus peallagra


maíz nixtamalizado
grán indiach niocstamalaithe
hominy

Má itheann daoine grán indiach mar a bpríomhbhia gan é a niocstamalú, tagann peallagra orthu go minic dá dheasca. Bíonn gríos coirp, mearbhall, laige, is siomptóim eile ar an té a bhfuil an galar seo air.  Mar shampla:


Tá an sampla seo sách gránna, ach tá pictiúir de atá i bhfad níos measa ar an idirlíon.

Bhíodh peallagra an-choitianta i measc daoine bochta i Mississippi, Alabama, agus Tuaisceart na hIodála tráth den saol, áiteanna a raibh pobail ann a d'ith a lán grán indiach, mar chorn bread agus polenta, gan mórán eile leis mar anlann. Cheap eolaithe go raibh ceangail idir an grán indiach agus an galar ar feadh i bhfad, ach níor thuig siad cén fáth nach raibh peallagra le fáil i measc na gcampesinos i Meicsiceo ar chor ar bith.  Níor thuig siad go beacht céard ba chúis le peallagra go dtí an bhliain 1937:  easpa niaicine i mbia na ndaoine seo.

Tá cuid mhaith niaicine i ngrán indiach, ach tá sé ceangailte. Níl sé ar fáil don chorp. Tá sé réasúnta simplí an niaicin seo a scaoileadh, áfach, cleas a d'fhoghlaim na hIndiaigh i bhfad ó shin. Níl le déanamh ach an grán a bhruith in uisce a bhfuil alcaile ann, agus é a choinneáil ar maos san uisce thar oíche. Baintear úsáid as cal (aol beo / hiodrocsaíd cailciam) de ghnáth i Meicsiceo anois, agus as luaithreach i measc Indiach Mheiriceá.  Tá an grán i bhfad níos boige ar maidin. Tá sé éasca a mheilt ansin, agus tá niaicin shaor ann, chomh maith le cailciam.  Seo bean ag meilt maíz nixtamalizado le metate chun masa (taos) a dhéanamh: 

le Diego Rivera

Maidir leis na focail seo, tagann niocstamalú ó dhá fhocal Nahuatl, nextli (= luaithreach) agus tamalli (= taos, tamale).  Agus tháinig peallagra ó dhá fhocal Iodáilise, pelle (= craiceann) agus agra (= searbh).

4 comments:

  1. Spéisiúil.

    Bíonn baol ann i gcónaí bia a onnmhairiú gan na tuiscintí dúchasacha!

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat as an eolas seo. Ní raibh a fhios agam. Ní fhaca mé peallagra riamh i mo shaol.

    ReplyDelete
  3. Is cosúil gur féidir é a fheiceáil fós in áiteanna san Afraic, in India, agus fiú sa tSín.

    ReplyDelete
  4. Suimiúil, mar is iondúil..:-)

    ReplyDelete