05 Nollaig 2012

luibh agus leigheas




Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis, ach idir an dá linn tá luibeanna agus torthaí ann in aghaidh an tslaghdáin. Deirtear gur chóir a lán deochanna teo a ól má tá slaghdán ort. Bhain mé triail as scailtín fíona aréir. Cé go raibh suaimhneas le fáil ann, tá rud éigin níos éifeachtaí fós faighte agam. Tá sé sa ghloine thuas: uisce te, tae Lemon Zinger™, agus slisíní mango triomaithe.


Níl aon rud sa mhango seo ach mango. Tá na slisíní an-tirim agus beagán righin. Ach tá siad milis agus tar éis dóibh cúpla nóiméad a chaitheamh ar maos sa tae bogann siad go deas. Tá an tae beagán géarbhlasta agus téann milse an mhango go maith leis.

Tá mo scornach níos fearr cheana féin!

8 comments:

  1. Líomóid te is gnách liomsa a ól. i. Líomóid brúite chun an sú a bhaint as, uisce te, spúnóg meala.

    Biseach iomlán luath ort!

    ReplyDelete
  2. Oideas ó mo Mhamó le haghaidh slaghdáin.

    Jigger fuisce (Powers)
    Trí jigger sú oráiste
    Sé chlóbh
    Ceithre jigger uisce ar fiuchadh

    ReplyDelete
  3. Cén saghas aonad é jigger?

    ReplyDelete
  4. jigger = shot = 1.5 US fluid ounces (44 ml)

    GRMA as na hoidis!

    ReplyDelete
  5. Cuma dheas shimplí ar sin, a Dennis. Ag éirí an-fhuar anseo le déanaí. Caithfidh mé an mango tirim a chuardú.

    ReplyDelete
  6. Well, d’fhéadfá a rá gur ionann ‘jigger’ agus shot = 44 ml, ach i gcónaí agus oideas leighis i gceist, bíonn gá de ‘tuilleadh an dea-mhéin’, rud ar a thug mo Mhamó ‘tilly’. B’ionann an ‘tilly’ agus thart ar 20% den bhun jigger.

    ReplyDelete
  7. Bhuel, go raibh céad míle maith agaibh, a fheara! Tá a fhios agam anois céard a bheidh agam ar mo liosta don Nollaig - ar fhaitíos na bhfaitíos..;-)

    ReplyDelete
  8. D'aithin mé na slisíní mangó tiomaithe ar an toirt mar cheannaigh mé féin mála díobh ar na mallaibh.

    Go raibh biseach luath ort agus go gcreide tú sa leigheas.

    ReplyDelete