07 Nollaig 2012

atole



Tá 21 Nollaig ag teannadh linn: grianstad an gheimhridh agus an Mayan Apocalypse! Beidh cairde chun dinnéir chugainn an oíche sin agus tá sé ar intinn agam deoch echt-Maya a thabhairt dóibh. 

Tá trí comhábhar le feiceáil sa ghrianghraf thuas: masa harina, cainéal, agus piloncillo. Mhínigh mé masa i mblagmhír eile cúpla lá ó shin. Séard atá i bpiloncillo ná siúcra donn. Tá masa harina ar fáil in Éirinn ó My Mexican Shop. Déantar é as grán indiach bán de ghnáth, ach tá masa buí ar fáil freisin anseo ó Maseca (masa = taos + seca = tirim), comhlacht i dTexas.

An modh:  Cuir píosa cainéal agus coirceog piloncillo in uisce fiuchta, i sáspan nó sa mhicreathonn. Fiuch go mbeidh an siúcra leáite. Tóg amach an cainéal. Cuir cúpla spúnóg masa harina ann agus measc go maith é le greadtóir (whisk). Lean ort á théamh is á shuaitheadh go ceann cúpla nóiméad, go mbeidh an t-atole ramhar, ach tanaí go leor le hól. Sin é! Más mian leat, is féidir bainne nó uachtar a meascadh tríd freisin.

Ní raibh piloncillo ná cainéal ag na Maya roimh theacht na Spáinneach, ach bhí mil agus ilspíosra (Pimenta dioica) acu. Más deoch fíor-réamh-Cholambach atá uait, tig leat mil agus ilspíosra a úsáid. Tá blas an-deas orthu freisin. Bhí seacláid ag na Maya freisin, ar ndóigh. Má chuireann seacláid san atole, champurrado a bheas agat. Ach le fírinne, is fearr liom mo chuid atole i muga amháin agus mo chuid seacláide i muga eile.

10 comments:

  1. agus féile Epona ar an 18ú lá, nuair a ghobann equus aníos ó bhun na spéire ó thuaidh. Sin a lá deireanach agus an lá is cumhachtaí le drualus a chruinniú ina bheo. Bain sult as an oíche (an 21ú)!

    ReplyDelete
  2. Ar eagla na heagla gur fíor é gurb é an lá deireannach nach fearr deoch mheisciúil a ól?

    ReplyDelete
  3. Ar nós Arthur Dent sa Hitchhiker's Guide ?

    ReplyDelete
  4. Nó b'fhéidir gurbh fhearr gan a bheith faoi thionchar an óil más turas eachtraíochta atá i ndán dúinn. ;)

    ReplyDelete
  5. Céard faoi faoi thionchar na raithní? Tá cannabas dleathach i Stát Washington anois.

    ReplyDelete
  6. Ach an bhfuil sé dleathach é a ionanálú (a chlintonú, mar a déarfá)?

    Más amhlaidh atá sé, ní gá dul ar thuras eachtraíochta.

    ReplyDelete
  7. Ní maith liom é a ionanálú, ach níor mhiste liom triail a bhaint as brownie!

    ReplyDelete
  8. Go sábhála cibé Cé sinn, ach fágaim an blagsféar ar feadh seachtaine, agus tá cannabas agus deireadh an domhain faoi chaibidil..:-)

    ReplyDelete
  9. Wonderful beat ! I would like to apprentice while you amend your web site, how could i subscribe for a blog website?
    The account aided me a acceptable deal. I had been a little
    bit acquainted of this your broadcast provided bright clear idea

    my web-site in porn photo

    ReplyDelete
  10. Thank you for every other informative website. The place else could I get that type of info written in such an ideal
    manner? I have a undertaking that I am simply now running on, and I have been at the
    glance out for such information.

    Also visit my weblog :: visit

    ReplyDelete