01 Samhain 2012

roimh gheolaíocht



An bhfeiceann tú
an charraig ollmhór
an tulach fhada 
an aill aisteach 
úd thall? 

Is
ceann
corp
sciathán
na péiste 
a mharaigh X
atá inti.

(X = laoch miotaseolaíoch) 

10 comments:

  1. Meas tú? Sílim féin go raibh ár sinsir in ann an t-idirdhealú a dhéanamh idir an scéal agus an fhírinne, ar a laghad chomh maith agus atá muide! Ach iad in inmhe sult a bhaint as an dá rud.

    DAS - díbir an CAPTCHA, ldt!

    ReplyDelete
  2. Sin scéal na samhlaíochta agus fírinne na samhlaíochta, a Aonghuis.

    Talann na n-ealantóirí ligean do chrutha, datha, fuaimeanna, bolaíocha, blasanna, tadhlaí, 7rl dul i gcion orthu agus a n-athchúrsáil.

    Fíricí? Sin rud eile.

    Fearn

    ReplyDelete
  3. @Aonghus - An bhfuil an “word verification” imithe anois? Bain triail as Comments anois, led thoil.

    Maidir leis na sinsir, thuig siad go maith gur cloch is carraig a bhí ann, ach, toisc nach raibh barúil dá laghad acu ar aois an phlainéid, ar fhórsaí na geolaíochta, agus mar sin de, is dóigh liom gur chreid a lán acu sna scéalta seo. Tá daoine ann fós, a lán acu sa tír seo, faraor, a chreideann go ndearnadh gallán salainn de bhean Lót!

    ReplyDelete
  4. Tá daoine ann fós, a lán acu sa tír seo, faraor, a chreideann go ndearnadh gallán salainn de bhean Lót!

    Agus é sách maith aici as bheith fiosrach! ;-)

    Maidir leis an CAPTCHA: Fós ann. Feicim go bhfuil lúb ar lár i mo chuir síos. Caithfear an cnaipe "Save Settings" ar dheis thuas a bhrú chun go mbeidh an t-athrú buan.

    ReplyDelete
  5. Rinne mé na settings a shábháil an t-am seo. Triail eile, led thoil!

    ReplyDelete
  6. An raibh tú in ann an comment seo a dhéanamh gan CAPTCHA? Tá go maith! Céim bheag chun tosaigh. GRMA!

    ReplyDelete
  7. Bhí. Níl a bhuíochas ort.
    Aguisín curtha agam leis an mír thall freisin.

    ReplyDelete
  8. Beidh clár ar TG4 oíche Dé Domhnaigh ag a 9 (agus le fáil ar an gcartlann ina dhiaidh, tá súil agam) faoi Ghleann na nGealt i gCorca Dhuibhne. D'imíodh ann fadó chun 'leigheas' a fháil ar ghalair intinne. Rinne léiritheoirí an chláir tástáil ar an uisce ann agus fuair siad go leor lithium san uisce, rud a chabhraíonn le galair mar sin sa lá atá inniu ann. Rith an méad sin liom agus mé ag léamh an mhír thuas. Sampla eile, b'fhéidir, nach raibh eolaíocht sofaisticiúil ag ár sinsir ach fós féin bhí tuiscint mhaith acu ar an tírdhreach.

    ReplyDelete
  9. An-suimiúil ar fad, a John. Go raibh maith agat!

    ReplyDelete