29 Samhain 2012

leann réamh-Cholambach?



Is iontach na rudaí a chuirtear i leann na laethanta seo, abhus anseo go háirithe. Tá buidéal de seo sa chuisneoir agam. Níor bhlais mé fós é.  Caithfidh mé admháil go bhfuil faitíos orm! Tá na comhábhair iondúla ann, móide mil, goba cacó, cócó, chiles anchos & anátó. Le teann fiosrachta a cheannaigh mé é, ach mar sin féin…

Maidir leis an ainm atá ar an leann seo, “bia na ndéithe” an bhrí atá le Theobroma.  Theobroma cacao an t-ainm oifigiúil ar an gcrann cacó, crann na seacláide.

Cliceáil.

Maidir leis an ainnir ar an lipéad, is cosúil go bhfuil an iomarca den deoch seo ólta aici. Sin nó tá sí beagán simplí.

4 comments:

  1. Nó an dá rud. Nuair a bhíonn an leann istigh ...

    ReplyDelete
  2. Feicim ar an lipéad go bhfuil 9% alcól de réir toirte sa bheoir. Ba gheall le fíon eorna í dá réir.

    Cúis eile gan an iomarca di a ól!

    ReplyDelete
  3. @ Ormondo Níor thug mé é sin faoi deara... toisc nár ól mé fós é!

    ReplyDelete