02 Samhain 2012

deilbhín déanta as tuige scoilte



“Split twig figurine” a thugann na seandálaithe air. Cheannaigh mé an ceann seo, nach bhfuil sean ar chor ar bith, ar $4 an tseachtain seo caite. Tá sé ina luí ar chlúdach mo iPad in aice le bráisléad a rinne gabha geal Hopi, rud eile a cheannaigh mé cúpla lá roimhe sin.

Bhí suim ar leith agam sa deilbhín toisc gur bhuail mé le hIndiach Hualapai a raibh deilbhín mar seo, ach an-bheag, ar crochadh thar a mhuineál. D'fhiafraigh mé de céard a bhí ann agus mhínigh sé dom go ndearna cara leis é. Thug sí dó é le hádh fiaigh a thabhairt dó. Tá sé ar intinn aige an fia mór (elkwapiti a thugtar air i Meiriceá) a fhiach den chéad uair an tseachtain seo chugainn. Mhínigh sé dom freisin gur rud an-sean agus an-nua atá ann. 

Tá sé sean toisc gur frítheadh deilbhíní mar seo a rinneadh idir 2,000 agus 4,000 bliain ó shin in uaimheanna tirime ar fud an Iardheiscirt (Great Basin agus Colorado Plateau le bheith cruinn). Agus tá sé úrnua toisc nár bhain éinne úsáid as “hunting fetishes” mar seo le cuimhne na ndaoine. Seo sampla de na deilbhíní ársa atá le feiceáil in iarsmalanna anois:



Dála an scéil, d'fhoghlaim mé gur féidir deilbhín mar seo a dhéanamh go héasca as tuige (focal nach raibh agam go dtí anois). Tá treoracha simplí le fáil anseo. Tá sé ar intinn agam triail a bhaint as!

5 comments:

  1. Gleoite. Agus níl ann ach aon tuige amháin?! Caithfidh mé triail a bhaint as sin.

    ReplyDelete
  2. Níor thuig mise go raibh tuige ann mar fhocal ach oiread. Craobhóg nó cipín atá ag de Bhaldraithe.

    Tá an samhail go deas; an mbeidh tú féin ag baint feidhm as mar ortha seilge?

    ReplyDelete
  3. Ní fiagaí mé. Is trua sin, mar is breá liom feoil an fhia mhóir. Tá sí níos fearr ná fiafheoil agus tá neart acu sa stát seo.

    ReplyDelete
  4. Go n-éirí leat an deilbhín a dhéanamh, a Dennis, ach maidir leis an rud a úsáid mar ortha seilge, hmmm.., tuigeann tú cás an fheoilséantóra seo, is dóigh liom..:-)

    ReplyDelete
  5. Tá i bhfad an iomarca fianna i Meiriceá faoi láthair, sna bruachbhailte ar an gCósta Thoir go háirithe. Deir na hantraipeolaithe gurbh í sealgaireacht na nIndiach agus ansin na bhfeirmeoirí Eorpacha a choinnigh uimhreacha na bhfianna faoi smacht. Cothrom éiceolaíoch atá i gceist. Tá an tsealgaireacht i léig anois agus tá na fianna chuile áit. Bhíos ag caint le comharsana ar maidin. Bhuail sé le fia agus é ag tiomáint cúpla lá ó shin. Maraíodh an fia, ar ndóigh, agus rinneadh cuid mhaith damáiste dá charr. Tarlaíonn sé seo 4,000 uair gach lá sa tír seo. An costas? $1.5 billiún gach bliain! Dáiríre. Agus faigheann daoine bás. Sealgaireacht abú!

    ReplyDelete