04 Samhain 2012

Acer macrophyllum


Fásann crann mór sna bólaí seo ar a dtugtar big leaf maple (Acer macrophyllum). Tá sé dúchasach d'iarthar Mheiriceá. Seo é an cruthú go bhfuil an t-ainm ceart air:



Deir an suíomh seo, Monumental Trees, go bhfuil ceann acu ag fás ar thailte Choláiste na Tríonóide. Tá mé cinnte go bhfaca mé é, ach níor thug mé aird air ag an am.


Níl a fhios agam an bhfuil na duilleoga a thiteann ón gcrann seo chomh mór leis an gceann thuas, a fuair mé sa pháirc tráthnóna inniu.

3 comments:

  1. An bhfuil Acer Macrophyllum dúchasach in Eïrinn?
    Nó an brontannas ó iarthuaisceart Mheiriceá go Coláiste na Tríonóide é an crann seo?

    ReplyDelete