24 Eanáir 2011

tualaing = in inmhe chuig


ni tualaing mór

nad fhulaing

nó nad geib in mbec.

An té nach bhfulaingíonn an beag nó nach nglacann leis, níl sé in ann ag an mór.

Tá seanscéal againn faoin lá a fuair Cú Chulainn bás. Ba gheis dó dul thar thine cócaireachta gan mhír den bhia a bhlaiseadh, agus ba gheis dó feoil mhadra a ithe. An lá sin chonaic sé triúr cailleach ar thaobh an bhóthair. Bhí siad ag bruith madra ar thine caorthainn. Is léir gur ag fanacht leis a bhí siad! Thug sé iarracht ar dhul tharstu ach ghlaoigh siad air agus d'iarr air cuid den fheoil a chaitheamh leo. Dhiúltaigh sé. Ansin dúirt duine de na cailleacha nach raibh Cú sásta bheith i gcuibhreann leo toisc nach féasta mór a bhí ann. Ansin dúirt sí an méid thuas leis le náire a chur air. D'oibrigh an cleas sin. D'ith sé agus choill sé a gheis! Bhí a phort seinnte ag an nóiméad sin.

Tá mé cinnte nár chum an chailleach - nó údar an scéil - an t-achasán sin. Seanfhocal a bhí ann cheana féin. Is dócha freisin go raibh leagan níos giorra de ann, mar atá:

Ní túalaing mór nad·fhulaing in mbec.

An té nár fhulaing an beag, ní tualaing é an mór.

Tá an píosa gaoise seo sa chnuasach Sengoídelc anois.

7 comments:

  1. Agus ciall leis.

    (Macalla Bíobalta ann freisin: i bparabal na dtallann)

    ReplyDelete
  2. An bhfuil aon seanfhocal eile cosúil leis sin ar eolas agat? I dteanga ar bith?

    ReplyDelete
  3. Dúirt duine éigin -- níl a fhios agam cé --

    “There are no small parts, just small actors.”

    ReplyDelete
  4. Ar fheabhas mar is gnáth a Dennis. Grma.

    DAS, cén fáth nach gcuireann tú an leagan nua Gaeilge ar do shuíomh Sengoídelc?

    ReplyDelete
  5. Ritheann nath Gearmánach liom:

    "Wer den Pfennig nicht ehrt, ist des Talers nicht wert."

    "An té nach bhfuil meas ar an cent aige, níl an euro tuillte aige."

    ReplyDelete
  6. @ Dubhaltach - Ba cheart dom leagan Nua-Ghaeilge den rud ar fad a dhéanamh. Ach... thosaigh mé i mBéarla, tá sé sách mór anois, agus tá mé leisciúil.

    @ Ormondo - Tá sé sin ar fheabhas!

    ReplyDelete